DCU Oifig na Gaeilge header
Gaeilge - Oifig na Gaeilge

An Dioplóma sa Ghaeilge

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an Dioplóma sa Ghaeilge ag teacht ar ais go OCBÁC. Is comhpháirtíocht iontach í seo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Oifig na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

An Dioplóma sa Ghaeilge (B2) - Mic Léinn

Ag tosú: Dé Céadaoin, 02 Deireadh Meán Fómhair 2024

Am: 18.00 - 21.00 (uair in aghaidh na seachtaine, 20 seachtain)

Láthair: Campas Phádraig, OCBÁC

Tá an cúrsa seo foirfe duit má tá ag iarraidh:

  • Cur le do líofacht i scríobh & i labhairt na Gaeilge 
  • Dul ar aghaidh agus Máistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) a dhéanamh.

*Is féidir an cúrsa seo (leibhéal B2) a úsáid mar rogha eile ar cháilíocht dhara leibhéal i nGaeilge agus tá an cúrsa seo aitheanta ag an Roinn Oideachais mar cháilíocht iontrála sa Ghaeilge, tuilleadh eolais anseo.

Forléargas ar an gcúrsa:

  • Ag tosú ar an gCéadaoin, 02 Deireadh Fómhair, ar Champas Phádraig.
  • Táille an chúrsa: €250 in aghaidh na bliana do mhic léinn lánaimseartha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - €990 atá ar an gcúrsa de ghnáth.
  • Is cúrsa páirtaimseartha é seo thar dhá bhliain. Eolas ag an NASC seo 

Spéis agat?

  1. Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne roimh 12.00, Déardaoin, 26 Meán Fómhair.
  2. Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc chuig an Triall Teanga ina dhiaidh sin. Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  3. Beidh tú in ann íoc ar líne chun d’áit a dheimhniú. 

Clarú anseo

Tuilleadh Eolais

Má tá ceist agat faoin gcúrsa bí i dteagmháil le: Siobhán Seoighe 

Má tá ceist agat faoi d’iarratas déan teagmháil le: Treasa de Paor