Nuacht agus Imeachtaí | Gaeilge
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Dioplóma sa Ghaeilge ag teacht ar ais go OCBÁC .
Is comhpháirtíocht iontach í seo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Oifig na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
I mbliana tá deis agat Dioplóma sa Ghaeilge a bhaint amach. Is cúrsa páirtaimseartha é seo thar dhá bhliain.
Tá an cúrsa seo foirfe duit má tá ag iarraidh:
- Cur le do líofacht i scríobh & i labhairt na Gaeilge? NÓ
- Dul ar aghaidh agus Máistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile)?
*Is féidir an cúrsa ag léibhéal B2 a úsáid mar rogha eile ar cháilíocht dhara leibhéal i nGaeilge agus tá an cúrsa seo aitheanta ag an Roinn Oideachais mar cháilíocht iontrála sa Ghaeilge, tuilleadh eolas anseo.
Forléargas ar an gcúrsa
- Ag tosú ar an gCéadaoin, 02 Deireadh Fómhair ar Champas Phádraig, DCU
- Táille an chúrsa: €250 in aghaidh na bliana do mhic léinn lánaimseartha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – €990 atá ar an gcúrsa de ghnáth.
- Bliain 1: 20 seachtain ina a iomláine sa bhliain acadúil
- Bliain 2: 20 seachtain ina a iomláine sa bhliain acadúil
- Leibhéal an chúrsa – B1 / B2 (Níl leibhéal C1 a ofráil i mbliana) An Dioplóma sa Ghaeilge - NUI Galway (acadamh.ie)
Spéis agat?
- Úsáid do sheoladh ríomhphost ó DCU don chlárúcháin ar líne (Ceist 11)
- Líon isteach an fhoirm iarratas ar líne roimh 12.00, Déardaoin, 26 Meán Fómhair. Nasc anseo
- Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc chuig an Triall Teanga ina dhiaidh sin. Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta.
- Beidh tú in ann íoc ar líne chun d’áit a dheimhniú.
Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa anseo: An Dioplóma sa Ghaeilge - Ollscoil na Gaillimhe (acadamh.ie)
Má tá ceisteanna agat faoin gcúrsa bí i dteagmháil le Siobhán Seoighe NÓ má tá ceist agat faoi d’iarratas déan teagmháil le Treasa de Paor.
Siobhán Seoighe, Oifigeach Gaeilge DCU
30 Lúnasa 2024 & Uasdhátú 23 Méan Fómhair 2024