DCU Gaeilge - Oifig na Gaeilge header
Gaeilge - Oifig na Gaeilge
An Cailín Ciúin
An Cailín Ciúin

Cine4 Club

 

Beidh an chéad imeacht eile ar an 7 Aibreán 2025: Léiriú Speisialta den Scannán Róise & Frank

 

Cine 4 Club - Imeachtaí:

Róise & Frank

Léiriú Speisialta den Scannán Róise & Frank

Dáta: Dé Luain, 7 Aibreán 2025

Am: 6 i.n. Clárú ón 5.45 i.n.  

Ionad: Léachtlann Seamus Heaney, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, OCBÁC.

Tá áthas ar OCBÁC a fhógairt go mbeidh léiriú speisialta den scannán iomráiteach ‘Róise & Frank’, Dé Luain, 7 Aibreán 2025. 

Beidh Scríbhneoir agus Stiúrthóir an scannáin i láthair chun labhairt faoin scannán. Beidh siad i gcomhrá le Muireann Ní Chíobháin, Scríbhneoir Cónaithe le Gaeilge OCBÁC 2024, agus beidh fáilte roimh cheisteanna ón lucht féachana.

Nasc clárúcháin ag teacht go luath

 

An Cailín Ciúin

Léiriú Speisialta den Scannán An Cailín Ciúin

Dáta: Dé Luain, 27 Bealtaine 2024

Am: 6 i.n. Clárú ón 5.40 i.n.  

Ionad: Léachtlann Seamus Heaney, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, OCBÁC.

Bhí áthas ar OCBÁC léiriú speisialta den scannán iomráiteach ‘An Cailín Ciúin’ a eagrú. Scannán a ainmníodh do ghradam Oscar 2023. Bhí léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi, Alumni OCBÁC, agus stiúrthóir an scannáin, Colm Bairéad, i láthair chun labhairt faoin scannán. Bhí siad i gcomhrá le Muireann Ní Chíobháin, Scríbhneoir Conaithe le Gaeilge OCBÁC, agus cuireadh fáilte roimh cheisteanna ón lucht féachana.

 

Arracht

Léiriú Speisialta den Scannán Arracht

Dáta: Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2022
Am: 6 i.n. Clárú ón 5.45 i.n.  
Ionad: Léachtlann Seamus Heaney, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, OCBÁC.

Bhí áthas ar OCBÁC léiriú speisialta den scannán iomráiteach 'Arracht' ar siúl mar chuid den tsraith 'Oíche Airneáin' leis an Richie Conroy Scríbhneoir Cónaithe 2021. Scéal Cholmáin Sharkey is ábhar don scannán. Iascaire, athair, fear céile atá ina chónaí i gConamara sa bhliain 1845.
Bhí scríbhneoir agus stiúrthóir an scannáin, Tomás Ó Súilleabháin, i láthair chun labhairt faoin scannán agus ceisteanna a fhreagairt ón lucht féachana.
 

 

Le tacaíocht ó: Oifig na Gaeilge OCBÁC, Leabharlann OCBÁC, Ealaíon agus Cultúir OCBÁC & Alumni OCBÁC.