DCU Voices Marie-Thérèse de Blacam
Marie-Thérèse de Blacam
Photo: Matthew Thompson

Marie-Thérèse de Blacam

BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht & Fiontraíocht le Fraincís & Gearmáinis 2001

Bunaitheoir & Bainisteoir - Inis Meáin Restaurant & Suites, Inis Meáin Island Stays Bainisteoir - Cniotáil Inis Meáin (Inis Meáin Knitting Company)

Bhunaigh mé fhéin agus m’fhear chéile Inis Meáin Restaurant & Suites i 2007, ag tógáil foirgnimh le h-ailtearacht fíor speisialta in áit iarghualta, Inis Meáin, an oileán is ciúine de na trí hOileáin Árann.



Tá an gnó an-shainiúil ar chuile bhealach agus taobh istigh d’achar gairid ama bhí cliú agus cáil bainte amach agus neart duaiseanna bronnta orainn, lena n-áirítear Best Newcomer (Georgina Campbell 2008), Best Design in Irish Tourism (ITIC 2015), agus Michelin Green Star (ó 2021) san áireamh.



Idir sin agus an ard-chaighdeán fáilte, dearadh, bia, fíon agus tírdhreach a bhí ar fáil, bhí an áit i gcónaí lán le go leor cuairteoirí a thiocfadh ar ais chuile bhliain. Rinneamar athinfheistiú go rialta, ag ceannacht feirm 66 acra i 2019. Is tírdhreach na Bóirne atá in Inis Meáin agus rinneamar Staidéar Ecólaíochta le go mbeadh ár gcuid cuairteoirí in ann taiscéalaíocht níos deimhne a dhéanamh san mbithéagsúlacht sainiúil seo.



Ó 2023, le Inis Meáin Island Stays táimid ag athrú an gnó le díriú níos mó ar an dtírdhreach seo. Tabharfaidh sé seo níos mó am dúinn comhlacht clainne eile, Cniotáil Inis Meáin, a rith.



Bhunaigh m’athair agus máthair chéile é seo i1976. Déantar cniotáil den scoth ar an oileán agus seoltar na geansaithe timpeall an domhain chuig custaiméirí agus na siopaí is fearr. ‘Sé an fhostóir is mó ar an oileán é le 20 fostaithe agus maraon leis an gcomhlacht lóistin, cabhraíonn an dhá ghnó seo go mór le pobal a chaomhnú san oileán beag speisialta.

Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Is Scoil chomhaimseartha idirdhisciplíneach í Fiontar agus Scoil na Gaeilge ina leagtar béim ar leith ar chláir theagaisc nuálaíocha trí mheán na Gaeilge, chomh maith le hacmhainní iontaofa nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú agus a chlaochlú.

 

Trí Ghaeilge amháin a dhéantar teagasc ar iliomad clár, a phléann le sainréimsí lena n-áirítear an Fhiontraíocht, an Gnó, an tOideachas, agus na Meáin. Is iomaí gné de léann na Gaeilge a ndéantar taighde uirthi sa Scoil, idir stair na teanga, amhránaíocht, filíocht, litríocht, téarmeolaíocht agus an teangeolaíocht. Déantar taighde chomh maith ar an Matamaitic, Airgeadas agus Eacnamaíocht, Gnó, Fiontraíocht, agus Bainistíocht.

 

Tá oidhreacht shaibhir agus traidisiún láidir againn i litríocht na Gaeilge. Tá dlúthbhaint ag na scríbhneoirí Énrí Ó Muirgheasa, Seosamh Mac Grianna, Máirtín Ó Cadhain, Tadhg Mac Dhonnagáin, Alan Titley, agus Máirín Nic Eoin leis an Scoil. Tá foireann na Scoile ag leanúint leis an traidisiún seo, ag cumadh, ag scríobh agus ag déanamh taighde ar litríocht na Gaeilge, agus tacaíonn an Scoil go láidir le Scríbhneoir Cónaithe na hOllscoile.

 

Forbraíonn grúpa taighde Gaois acmhainní nuálaíocha ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha chun tuiscint a leathnú ar an teanga féin agus ar shaíocht na Gaeilge trí chéile. Tá áiseanna ar leith cruthaithe againn ar nuathéarmaíocht na Gaeilge (tearma.ie), ar shonraí logainmneacha a riar is a roinnt (logainm.ie), ar chnuasach beathaisnéisí (ainm.ie), agus Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann (duchas.ie). Tá an chuid is úrscothaí den teicneolaíocht á forbairt againn chun daonnachtaí digiteacha na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.

 

Tá béim ar leith inár gcláir nuálaíocha ar an bhfiontraíocht agus ar an gcruthaitheacht. Spreagtar na mic léinn chun a gcuid inniúlachtaí agus cumas a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus tá rian thallann na mac léinn le feiceáil thar na blianta in iliomad réimsí san Ollscoil. Is iomaí gnólacht agus eagraíocht a tháinig díreach amach as an Scoil, idir Zamano agus Rag.ie, idir ElevEase agus Thriftify.ie. Lean an ghníomhaíocht nuálaíoch cheannródaíoch seo tar éis dár gcuid mac léinn an Ollscoil a fhágáil, le heagraíochtaí agus gnólachtaí úra, nuálaíocha bunaithe acu in iliomad réimsí.

 

Is ceannródaithe iad ár gcéimithe i saol na Gaeilge, iad ag bunú eagraíochtaí nua agus ag forbairt a gcuid idéanna úra nuálaíocha, agus á gcur i bhfeidhm, chun an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo, bhríomhar i saol an lae inniu. Tá ár gcéimithe mar cheannródaithe sa saol gnó chomh maith, agus tá gnólachtaí iontacha rathúla bunaithe acu le blianta beaga anuas.

 

Tá ár gcuid céimithe ina gceannairí agus ina mbainisteoirí in eagraíochtaí in Éirinn agus fud fad na cruinne. Oibríonn ár gcuid céimithe in iliomad earnálacha lena n-áirítear: an t-oideachas, an gnó, an t-airgeadas, an tsláinte, an turasóireacht, an dlí, na meáin, an stáit seirbhís, Coimisiún na hEorpa, agus an earnáil dheonach. Táimid ana-bhródúil as ár gcuid mac léinn agus ár gcéimithe, atá dul chun cinn iontach ceannródaíoch á dhéanamh agus déanta acu i gcur chun cinn na Gaeilge i mórán réimsí ar fud aan domhain. Táimid ag súil le bhur saothar a cheiliúradh libh in 2023.