![School of Inclusive & Special Education header](/sites/default/files/styles/max_1300x1300/public/scholarship_editor/2022-11/IoE_School%20of%20Inclusive%20%26%20Special%20Education.png?itok=GxRc2Jfh)
![An bhfuil dalta atá Bodhar nó Lagéisteachta cláraithe i bhur nGaelscoil?](/sites/default/files/styles/user_defined/public/media/2017/09/11/ioe-female-teacher.jpg?itok=9_P4y48z)
An bhfuil dalta atá Bodhar nó Lagéisteachta cláraithe i bhur nGaelscoil?
Tá Elizabeth Mathews (Scoil an Oideachais Cuimsithe agus Speisialta, An Institiúd Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) i mbun staidéir ar na cúlraí, eispéiris agus nósanna teanga páistí atá Bodhar nó Lagéisteachta cláraithe i nGaelscoileanna. Is é seo an chéad tionscadal dá leithéid in Éirinn. Tá an Dr. Mathews i mbun earcaíachta don staidéar seo i láthair na h-uaire. Chun páirt a ghlacadh sa staidéar seo, is gá do pháistí a bheith aitheanta mar bodhar nó le deacrachtaí éisteachta (caillteanas éisteachta déthaobhach sa réimse measarthach, dian nó trom), iad ar aois idir 5 agus 13, agus iad cláraithe i nGaelscoil (iad cláraithe ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad). I rith an staidéir, cuirfear tuismitheoir agus múinteoir acmhainne an pháiste faoi agallamh, agus déanfaidh an páiste ceistneoir a chomhlíonadh le cabhair a thuismitheoir. Má tá páiste agat i bhur scoil a cheapfá a bheith intofa, déan teagmháil, le do thoil, leis an Dr. Mathews ag elizabeth.mathews@dcu.ie. I ndiaidh na teagmhála tosaigh, cuirfear mioneolas i leith an taighde chugat. Tá faomhadh faighte ag an taighde seo ó Choiste Um Eitic Thaighde Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.