
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Ceiliúradh – Seoladh Canúint.ie, Taisce Chanúintí na Gaeilge
Ba mhór ag Cartlann RTÉ agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, tú a bheith i láthair ag ócáid cheiliúrtha in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, nuair a sheolfar Taisce Chanúintí na Gaeilge, Canúint.ie, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Tá 200 scoththaifead de chanúintí traidisiúnta na Gaeilge as 12 contae á gcur i láthair ar shuíomh nua idirghníomhach, taifid a roghnaíodh ó mhórthionscadal digitithe ar ábhar Radió Éireann agus Raidió na Gaeltachta. Cuirfear an acmhainn nua seo i láthair agus léireofar samplaí as na Gaeltachtaí uile, Corca Dhuibhne go háirithe.
Fáilte roimh chách.
Le tacaíocht ón Scéim um Chartlannú, Coimisiún na Méan.
Eolas: Úna Bhreathnach, una.bhreathnach@dcu.ie agus http://canuint.ie/