![HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header](/sites/default/files/styles/max_1300x1300/public/scholarship_editor/2022-12/H%26SS_Fiontar%20%26%20Scoil%20na%20Gaeilge.png?itok=T-MjQ7b2)
![Duais buaite ag Dúchas.ie](/sites/default/files/styles/user_defined/public/media/2017/12/04/gradam-eir-spiders-buaite-ag-duchas.ie-002.jpeg?itok=GTHupYps)
Gradam eir Spiders buaite ag dúchas.ie
Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne.
Ainmníodh suíomh úr dúchas.ie, a seoladh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2017, le haghaidh na duaise don Suíomh Gaeilge is Fearr. Tugtar aitheantas “do shuíomh, ardán, tionscadal nó feachtas a léiríonn nuálaíocht agus intleachtacht i réimse na teanga” sa chatagóir seo.
Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun sa bhliain 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan, Leabharlann Dhigiteach UCD, agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in DCU. Tá gliondar croí ar an bhfoireann ar fad a bhíonn ag obair go díograiseach ar an tionscadal suimiúil seo. Caith súil ar an Suíomh Gaeilge is Fearr don bhliain 2017 anseo!