HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge
Cuardach comhdháil ar corpas.ie

Gairm ar pháipéir: An teangeolaíocht chorpais i dteangacha na hÉireann

Gairm ar pháipéir: An teangeolaíocht chorpais i dteangacha na hÉireann, 13-14 Samhain 2025.

Call for Papers: Corpus linguistics for the languages of Ireland, 13-14 of November, 2025.

Tá sé i gceist ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhpháirt le CLARIN, comhdháil agus ceardlann ar an teangeolaíocht chorpais a reáchtáil ar an 13-14 Samhain 2025. Beidh Corpas Náisiúnta na Gaeilge bliain ar an bhfód faoin am sin agus beidh sé tráthúil taighde bunaithe ar an acmhainn nua sin a phlé. 

Fáilteofar roimh pháipéir acadúla nó póstaeir, agus roimh mholtaí ceardlainne, a théann i ngleic le cur chuige, le huirlisí agus le cur i bhfeidhm na teangeolaíochta corpais i gcomhthéacs theangacha na hÉireann. Glacfar le haighneachtaí i nGaeilge nó i mBéarla. Cuirfear fáilte ar leith roimh aighneachtaí ó mhic léinn iarchéime agus taighdeoirí luath-ghairme; reáchtálfar seisiún ar leith don ghrúpa seo le deiseanna gréasánaithe a éascú agus le haiseolas a sholáthar, de réir mar is cuí.

Is iad seo a leanas saintopaicí na teangeolaíochta corpais a chíorfar ag an ócáid seo:

Modheolaíochtaí agus uirlisí

  • Dearadh agus tiomsú corpais
  • Bailiú agus próiseáil sonraí corpais
  • Uirlis nua nó úsáid nua a baineadh as uirlis
  • Teicnící nua anailíse
  • Meastóireacht chriticiúil ar uirlisí, teicnící agus teoiricí atá ann cheana
  • Féidearthachtaí na hintleachta saorga
  • Gnéithe praiticiúla a bhaineann le mionteangacha 

Cur i bhfeidhm 

  • An fhóineolaíocht, an mhoirfeolaíocht agus an chanúineolaíocht
  • An fhoclóireacht agus an téarmeolaíocht
  • Sealbhú, teagasc agus measúnú teanga
  • An stílíocht agus léann na litríochta
  • Staidéar na meán, téacsanna stairiúla, ábhar oideachais, agus seánraí sainiúla eile
  • An fhrásaíocht
  • An anailís dioscúrsa
  • Léann an aistriúcháin
  • An tsochtheangeolaíocht agus an t-athrú teanga
  • Seánraí, réimsí agus teangacha sainfheidhme

Seol achoimre páipéir nó ceardlainne 300 focal chuig gaois@dcu.ie faoin Aoine 30 Bealtaine. Déanfar piarmheasúnú ar na hachoimrí agus seolfar freagra chuig na húdair faoin Aoine 27 Meitheamh. 

 

lógó Gaois.ielógó CLARIN

Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU are organising a conference and workshop, in collaboration with CLARIN, which will take place on the 13-14th of November, 2025. It will have been one year since the National Corpus of Irish was launched and will, therefore, be a timely opportunity to discuss research based on this.

Academic papers, posters, and workshop proposals, that address the approaches, tools and applications of corpus linguistics in the context of the languages of Ireland are welcome. Submissions will be accepted in Irish or English. Submissions from postgraduate students and early career researchers are particularly welcome; a separate session will be held for this group to facilitate networking opportunities and provide feedback, as appropriate.

The following specific topics of corpus linguistics will be explored at this event:

Methodologies and tools

  • Corpus design and compilation
  • Corpus data collection and processing
  • New tools or new uses of tool
  • New analytical techniques
  • Critical evaluation of existing tools, techniques and theories
  • Possibilities of artificial intelligence
  • Practical aspects of minority languages

Applications

  • Phonology, morphology and dialectology
  • Lexicology and terminology
  • Language acquisition, teaching and assessment
  • Stylistics and literary studies
  • Media studies, historical texts, educational material, and other specific genres
  • Phraseology
  • Discourse analysis
  • Translation studies
  • Sociolinguistics and language change
  • Specialised genres, fields and languages

Send a 300-word paper or workshop abstract to gaois@dcu.ie by Friday 30 May. Abstracts will be peer reviewed and a response will be sent to authors by Friday 27 June.

lógó corpas.ie

lógó na Roinne