a woman

Cara i gCruatan

Le Caoimhe Ní Chathail BA Gaeilge agus Iriseoireacht, 2016

Aithnítear cara i gcruatan. B’shin a tharla siar in 1847 agus ansin arís in 2020. Tháinig Meiriceánaigh bhundúchasacha ón phobal Chachta i gcabhair ar mhuintir na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir. Sheol siad $170 chuig teaghlaigh a bhí ag fáil bháis leis an ocras. Bhí siad féin i ndiaidh a bheith athlonnaithe ag rialtas Mheiriceá agus baill thréibe a chailleadh ach in ainneoin a streachailt féin, chuidigh siad le daoine i bhfad i gcéin a bhí i gcruachas.

D’éirigh le muintir na hÉireann ansin glaoch cuidithe na bpobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach a fhreagairt anuraidh nuair a bhailigh siad na mílte dollar dóibh agus streachailt Covid 19 s’acu. Bhuail dhá thonn den choróinvíreas go trom iad agus an pobal soghabhálach i leith an ghalair mar gheall ar dhroch-bhonneagar agus bochtaineacht. Cuireadh tús le tiomsaitheoir airgid agus go dtí seo bailíodh beagnach 7 milliún go leath dollar chun tacú leo - Éireannaigh go mór i measc iad siúd a dheonaigh agus cuimhne den chuidiú a thug na bundúchasaigh don tír seo go fóill i gcroíthe s’acu.



B’iomaí dream a bhualadh go trom de bharr na paindéime Covid 19 le bliain anuas ach go fóill féin, d’éirigh le fláithiúlacht agus cineáltas an chine daonna an lámh in uachtar a fháil ar an éadóchas. Domsa, is cinnte go seasann cairdeas na nÉireannach agus na mbundúchasach amach mar bhearta lách, atá fréamhaithe sa stair. Aithnítear cara buan i gcruatan, cinnte.

Caoimhe Ní Chathail (BA Gaeilge agus Iriseoireacht, 2016) Irish Broadcaster, @CaoimheChats”