Mairin Nic Eoin

Prof

Profile Photo
Scoláire liteartha is ea an tOllamh Máirín Nic Eoin a bhfuil spéis ar leith aici i gcúrsaí critice agus i ngné na staire agus na socheolaíochta de léann na litríochta. Tá taighde bunúil déanta aici ar ionad na mban i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus tá leabhair agus aistí critice foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge. Is iad na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid go dtí seo ná: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982), Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988), An Ghaeilge i gCill Chainnigh (Comhar na Múinteoirí Gaeilge, 1993), B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998), a bhuaigh Duais Liteartha an Irish Times sa bhliain 1999, agus Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005). Bhí sí ina comheagarthóir, le hAisling Ní Dhonnchadha, ar an leabhar Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Cló Iar-Chonnacht, 2008, 2015) agus bhí sí ina comheagarthóir, le Ríona Nic Congáil, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin agus Regina Uí Chollatáin, ar na himleabhair Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain I: Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan (LeabhairCOMHAR, 2015) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain II: Critic, Cultúr agus Comhthéacs Comhaimseartha (LeabhairCOMHAR, 2015). Is féidir liosta iomlán dá cuid aistí piarmheasta a fháil ach teagmháil dhíreach a dhéanamh léi. Tá sí ina comheagarthóir ar an ríomhiris phiarmheasta COMHARTaighde. Tá sí ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. 

Edited Book

Year Publication
2015 Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin & Regina Uí Chollatáin (Ed.). (2015) Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR,
2015 Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin & Regina Uí Chollatáin (Ed.). (2015) Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR,
2010 Mairín Nic Eoin (Ed.). (2010) Baile Átha Cliath: Cois Life,
2009 Rióna Ní Fhrighil & Máirín Nic Eoin (Ed.). (2009) Baile Átha Cliath: Cois Life,
2008 Aisling Ní Dhonnchadha & Máirín Nic Eoin (Ed.). (2008) Indreabhán, Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht,
2007 Máirín Nic Eoin (Project Director) (Ed.). (2007) Baile Átha Cliath: An Gúm,
2003 Brian Lalor, Máirín Nic Eoin (Consultant Editor: Literature in Irish) (Ed.). (2003) Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan,
2001 Máirín Nic Eoin (Ed.). (2001) Baile Átha Cliath: Cois Life,
2000 Liam Mac Mathúna, Ciarán Mac Murchaidh & Máirín Nic Eoin (Ed.). (2000) Baile Átha Cliath: Coiscéim,
1997 Máirín Nic Eoin & Liam Mac Mathúna (Ed.). (1997) Baile Átha Cliath: Coiscéim,
1987 Máirín Nic Eoin & Liam Mac Mathúna (Ed.). (1987) Baile Átha Cliath: An Clóchomhar,

Book

Year Publication
2005 Máirín Nic Eoin (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Dublin: Cois Life.
1998 Máirín Nic Eoin (1998) B'ait leo bean: Gnéithe den idé-eolaíocht inscne i dtraidisiún liteartha na Gaeilge. Gaillimh: An Clóchomhar.
1993 Máirín Nic Eoin (1993) An Ghaeilge i gCill Chainnigh. Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge.
1988 Máirín Nic Eoin (1988) Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
1982 Máirín Nic Eoin (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.
Certain data included herein are derived from the © Web of Science (2021) of Clarivate. All rights reserved.