
Tionchar agus Rannpháirtíocht 2022-2023
Tionchar
Is mó a thomhaistear an tionchar a imríonn ollscoileanna ar an domhan mórthimpeall orthu in aghaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (UNSDGanna). Tugadh dea-scéal d’OCBÁC nuair a rangaíodh é i measc na 75 Ollscoil is Fearr ar domhan i Rangú Tionchair Ollscoileanna Times Higher Education 2023.
Bhain OCBÁC an 6ú háit ar domhan amach dá thiomantas do Neamhionannais Laghdaithe, ceann de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Rangaíodh an Ollscoil san 8ú háit ar domhan agus sa chéad áit in Éirinn i dtaobh Comhionannas Inscne, SDG 5 na Náisiún Aontaithe. Scrúdaíodh sa rangú taighde, for-rochtain, maoirseacht agus múinteoireacht i líon iomlán 1,591 institiúid ar fud an domhain.
Ní raibh teorainn ar bith leis i dtaobh thionchar OCBÁC le bliain anuas. I measc an iomaí toradh a baineadh amach inár dtaighde, cruthaíodh samplaí polaiméire agus miotail a forbraíodh ag an Ollscoil, a seoladh chuig an ngealach ar bord an tuirlingeora HAKUTO-R Mission 1 a tógadh sa tSeapáin. D’fhorbair an Dr Susan Kelleher agus comhghleacaithe sa Scoil na nEolaíochtaí Ceimiceacha an t-ábhar agus rinneadh é a thabhairt isteach i gcarr gealaí le staidéar a dhéanamh ar an mbealach a ghreamaíonn deannach na gealaí de dhromchlaí éagsúla.
Tá baint lárnach ag an rothaíocht a dhéanamh ina rogha níos mealltaí agus níos sábháilte do chomaitéirí chun taisteal inbhuanaithe a mhéadú. Tá taighdeoirí OCBÁC mar chuid d’fhoireann idirnáisiúnta a d’fhorbair aip nua mhóibíleach atá ceaptha rothaíocht uirbeach a fheabhsú. Ardán oscailte é BiciZen a dhéanann sonraí faoi eispéiris rothaíochta i measc úsáideoirí a shluafhoinsiú. I ndeireadh na dála, tá súil ag an bhfoireann go gcuirfidh sé léargas ar fáil chun feabhas a chur ar an mbonneagar rothaíochta. I gcomhoibriú idir Scoil Ghnó OCBÁC agus Scoil na Ríomhaireachta, faoi stiúir an Ollaimh Theo Lynn agus an Ollaimh Boualem Bentallah, thug taighdeoirí faoi athbhreithniú forleathan freisin ar dhioscúrsa idirnáisiúnta rothaíochta ar na meáin shóisialta.
Tá an méid drochíde inscnebhunaithe ar líne a mbíonn déagóirí thíos léi ag dul i méid agus is fadhb í seo a ndeachaigh Ionad Frithbhulaíochta (ABC) OCBÁC agus cuibhreannas Eorpach acadóirí, múinteoirí agus dearthóirí cluichí i ngleic léi. Chruthaigh siad GenTOPIA le chéile - cluiche digiteach bunaithe ar shraith cásanna ina dtéitear i ngleic le steiréitíopaí inscne, toiliú, sábháilteacht dhigiteach, ciapadh sráide, smachtú comhéigneach, íomhánna a roinnt gan chomhthoiliú, agus bulaíocht homafóbach. Tionscadal digiteach do dhaoine óga é a imríonn tionchar an-éagsúil a d’fhorbair an tOllamh Lambert ag an Scoil Altranais, Síceolaíochta agus Sláinte Pobail. D’oibrigh sí le leanaí i gcúram maolaitheach agus lena dteaghlaigh agus chabhraigh sí le cuimhní digiteacha a chruthú do theaghlaigh a bhí thíos le méala. Chruthaigh an grúpa deis trí Theiripe Caitheamh Aimsire do na leanaí a scéal a insint agus é a chur i dtaifead go digiteach.
Aithníodh tionchar na hOllscoile ag Gradaim Times Higher Education (THE) 2022, a cuireadh ar bun i Londain. Bhuaigh Rochtain ar an Ionad Oibre OCBÁC Tionscnamh Méadaithe Rannpháirtíochta nó For-rochtana na Bliana. Tacaíonn an tionscnamh le conair ghairme mac léinn faoi mhíbhuntáiste trí intéirneachtaí lánaimseartha íoctha samhraidh a chur ar fáil do mhic léinn dara bliain. Ó tosaíodh an clár in 2019, cuireadh 245 mac léinn ar socrúchán in 82 cuideachta, agus thug 93 faoin gcéad le fios nach bhféadfaidís na socrúcháin a fháil iad féin. Idir an dá linn, bhuaigh Eastáit OCBÁC an gradam Sárfhoireann Eastát dá straitéis caomhnaithe uisce ilchampais. Tháinig laghdú idir 2016 agus 2020 ar ídiú uisce ag OCBÁC anuas ó bhreis agus 13,000 lítear an duine go dtí thart ar 10,600 lítear – ar laghdú 18 faoin gcéad é seo. Shábháil an Ollscoil fiú sa chéad bhliain ghníomhaíochta méid comhionann le 15 linn snámha Oilimpeacha d’uisce trí sceití uisce a dheisiú, fomhéadrú a thabhairt isteach chun tomhaltóirí móra uisce a aithint agus triail a bhaint as feistis atá éifeachtúil ar fhuinneamh in áiteanna cónaithe ar an gcampas.
Ní raibh an oiread éilimh riamh roimhe seo ar chéimithe ildánacha i réimsí na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM) i ndomhan atá á bhrú chun cinn níos mó ag an teicneolaíocht. Bhí an-rath go deo ar an tionscnamh Clár Intéirneachta Múinteoirí ETIM (STInt) de chuid OCBÁC ina gcuirtear oideachasóirí i lár an aonaigh. Tugann múinteoirí agus múinteoirí faoi oiliúint faoi intéirneachtaí íoctha 12 sheachtain faoin scéim le cuideachtaí agus eagraíochtaí san earnáil ETIM. Cabhraíonn an taithí theagmhálach seo leo a ndaltaí a spreagadh agus tugtar chun solais inti an réimse fairsing gairmeacha beatha agus deiseanna atá ar fáil laistigh de thionscail ETIM. I mí Márta 2023, d’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, go leathnófaí STInt chun múinteoirí faoi oiliúint i measc seacht n-ollscoil in Éirinn a chur san áireamh.
Tá sé mar aidhm ag Saotharlann Grain-4-Lab OCBÁC, a bhfuil cur chuige thar a bheith nuálach aici, tionchar a imirt ar inbhuanaitheacht an tionscail grúdaireachta agus ar thaighde bunaithe i saotharlanna. Tá rogha eile á forbairt sa tionscadal ar phlaistigh aonúsáide i saotharlanna taighde Éireannacha trí úsáid a bhaint as dramhaíl a tháirgtear ón tionscal grúdaireachta agus driogtha in Éirinn. Bhuaigh an tionscadal Dúshlán Plaisteach na bliana seo mar chuid de Dhuais Nuálaí Todhchaí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI).
Rannpháirtíocht
Lean rannpháirtíocht OCBÁC le bliain anuas le réimse príomh-chomhpháirtithe agus príomhpháirtithe leasmhara le torthaí dearfacha a bhaint amach do phobail na hOllscoile agus dár sochaí i gcoitinne.
Tá rannpháirtíocht OCBÁC le hOllscoileanna eile - cibé acu maidir le comhthionscnaimh, le feachtais earnála, nó le comhoibriú taighde - ag cabhrú níos mó le cur lenár dtionchar ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. D’oscail OCBÁC a dhoirse i mí na Samhna do mhic léinn tríú leibhéal timpeall na tíre, nuair a cuireadh óráid le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, a sruthaíodh beo ar siúl sa Héilics. D’fhreagair an tUachtarán Zelenskyy ceisteanna a chuir mic léinn sa lucht féachana, agus rinneadh an nasc físe a shruthú beo freisin d’institiúidí tríú leibhéal eile ar fud na hÉireann. Dúirt sé leis na mic léinn, “cé go bhfuil stádas neodrach ag Éirinn, níl sibh go hiomlán neodrach ó thaobh bhur meoin agus an cúnamh a thugann sibh do mhuintir na hÚcráine.”
I measc ár réimse fhairsing rannpháirtíochta le fiontair, bhí comhpháirtíocht idir an tIonad Náisiúnta Frithbhulaíochta (ABC) ag OCBÁC le Vodafone. Forbraíodh mar thoradh ar an gcomhoibriú sin Tozi, an chéad aip dá cineál a chuireann tacaíocht ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga trí oideachas a chur orthu ar conas a bheith sábháilte agus slán ar líne. Sholáthair foireann taighde an ABC sonraí agus léargas chun eolas a chur ar fáil do dhearadh agus d’fhorbairt na haipe atá ar fáil ar Shiopaí Aipeanna Apple agus Google.
Rinneadh comhpháirtíochtaí reatha tionscail a chomhdhlúthú le bliain anuas. Shínigh Scoil Ghnó OCBÁC comhaontú cúig bliana le KPMG. Thug an chuideachta go leor tacaíochta d’oideachas cuntasaíochta ag OCBÁC le daichead bliain anuas. Déanfar comhoibriú ar thaighde, forbairt curaclaim, léachtaí ag aíonna, gradaim mac léinn, ceangail níos láidre le clár socrúcháin oibre OCBÁC agus ar chaipiteal daonna a shaibhriú trí chur leis an rannpháirtíocht atá ar bun faoi láthair agus trína méadú. Idir an dá linn, neartaíodh an caidreamh atá ag OCBÁC faoi láthair le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus le Comhairle Contae Fhine Gall nuair a fógraíodh comhoibriú nua atá dírithe ar an eitlíocht a dhéanamh níos inbhuanaithe.
Limistéar mór rannpháirtíochta le tamall anuas atá in obair na hOllscoile le comhpháirtithe san earnáil Bhreisoideachais. Shínigh OCBÁC comhaontú le Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) i mí Iúil. Tacóidh an Ollscoil, faoin gcomhpháirtíocht, le BOOLM agus le hInstitiúid Bhreisoideachais Dhroichead Átha (IBODÁ) chun cláir oideachais tríú leibhéal a chur ar fáil i nDroichead Átha, agus tacófar le naisc níos láidre a fhorbairt idir Breisoideachas agus Oiliúint agus Ardoideachas. Forbraíodh an comhaontú mar fhreagairt do Thuarascáil Geiran, inar scrúdaíodh dúshláin shóisialta atá roimh Dhroichead Átha maidir le cosc na coireachta, seirbhísí don ógra, andúil drugaí, oideachas, bonneagar, agus forbairt pobail.
Ba ghné shuntasach freisin de ghníomhaíochtaí na hOllscoile le bliain anuas rannpháirtíocht nuálach leis na healaíona. Chuir an Ollscoil a himeacht tionscnaimh, Comharsanacht Fhiáin (Wild Neighbourhood), ar siúl ar Champas Choláiste na Naomh Uile i mí Bealtaine. Mar chuid de Chruinniú na nÓg 2023, díríodh san fhéile bheag seo ar chruthaitheacht agus fiosracht leanaí a spreagadh agus a mheabhrú dúinn go léir ag an am céanna an gá atá leis an mbithéagsúlacht inár gcathracha a chosaint agus ardmheas a léiriú uirthi. Ainmníodh Anne Tannam i mí Bealtaine mar Fhile Cónaithe nua Éigse Éireann ag OCBÁC. Ba í an chéad duine a ceapadh leis an bpost. Mar chuid den tionscnamh, tá ar Anne idirchaidreamh a dhéanamh le pobal OCBÁC agus le pobail i Lár na Cathrach Thoir Thuaidh. Fógraíodh an urraíocht ar Chomórtas Clár Faisnéise bliantúil Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath a dhéanann cúrsa iarchéime OCBÁC, an MA i gCleachtas Faisnéiseoireachta, mar aitheantas ar shármhaitheas i gcláir faisnéise a dhéanamh.