DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin

Fáilte ón Uachtarán 2022-2023

Fáilte chuig Tuarascáil Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 2022-2023
Prof Daire Keogh

An tOllamh Dáire Keogh

Nuair a chaitear súil siar ar an tréimhse dhá mhí dhéag anuas, is léir go bhfuil aghaidh á tabhairt ag OCBÁC ar chéim nua d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe. Anuas ar dhul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail mhóra tógála agus ar bhonneagar fisiciúil, lean ábhair churaclaim agus thaighde a dtugann OCBÁC tús áite dóibh ag teacht chun cinn ar luas fónta. Idir an dá linn, maidir le rannpháirtíocht, shíníomar roinnt comhpháirtíochtaí tábhachtacha nua. Ina theannta sin, tá an tionchar is feiceálaí riamh á imirt ag an Ollscoil ar an domhan mór.

Rinneamar ceiliúradh i mí na Samhna ar oscailt oifigiúil Leabharlann Halla Woodlock - áis den chéad scoth chun staidéar agus taighde a dhéanamh ar Champas Choláiste na Naomh Uile. Bhaineamar an pointe leath bealaigh amach i mí Bealtaine i dtógáil Polaris, príomháis ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) na hOllscoile ar ár gcampas i nGlas Naíon. Rinneamar ceiliúradh freisin ar uasghrádú €3 milliún OCBÁC ar na raonta agus na háiseanna ag Staid Morton, an Staid Náisiúnta Lúthchleasaíochta. Sa mhullach air sin, dheimhnigh an rialtas go gcuirfí breis agus €40 milliún ar fáil don Ollscoil chun tacú le 405 leaba do mhic léinn a chur ar fáil ar an gcampas, rud ar cuireadh fáilte roimhe. 

Tá níos mó ná díreach brící agus moirtéal i gceist le forbairt. Bhí bród orainn i mbliana an tionscnamh Cúram agus Ceangal (Care & Connect) a sheoladh, ar chéim mhór chun cinn é i dtaobh eispéireas na mac léinn a fhorbairt. Cur chuige uile-ollscoile é Cúram agus Ceangal i leith fholláine na mac léinn ina gcuirtear roinnt seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn in aon áit amháin. 

Ba spreagúil an bhliain í do thaighde OCBÁC, de réir mar a leanadh le teorainneacha a shárú agus tionchar a imirt. Ghlacamar na chéad chéimeanna i dtaobh Institiúid Eolaíochtaí Beatha (LSI) OCBÁC nua a bhunú, ar lárionad sármhaitheasa í a chuireann lenár láidreachtaí aitheanta i réimse an taighde ar Eolaíocht na Beatha. Déanaimid rath ár dtaighde a thomhas ag OCBÁC in aghaidh an tionchair a imríonn sé ar an domhan mór. Níl aon teorainn lenár dtaighde, go deimhin, mar gheall gur cuireadh ardábhair a cruthaíodh in OCBÁC chuig an ngealach ar bord an tuirlingeora HAKUTO-R Mission 1 a tógadh sa tSeapáin. Tá úsáidí iontacha nua á mbaint ar ais ar domhan ag OCBÁC as dramhaíl a chruthaítear sa tionscal grúdaireachta, agus tá na glúnta nua de mhic léinn á spreagadh ag ár gClár Intéirneachta Múinteoirí ETIM chun tabhairt faoi ghairmeacha beatha in ETIM. Chuir tionscadail cosúil leis seo le háit OCBÁC i measc na 75 Ollscoil is Fearr i Rangú Tionchair Ollscoileanna Times Higher Education 2023. 

Ábhar bróid dúinn freisin ár gcuntas teiste i leith idirchaidreamh dearfach a dhéanamh le réimse fairsing páirtithe leasmhara, idir áitiúla agus idirnáisiúnta. Cuirfear bealaí nua Breisoideachais agus Ardoideachais ar fáil do dhaoine óga sa réigiún de bharr comhaontú le Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM); thug an tIonad Náisiúnta Frithbhulaíochta (ABC) ag OCBÁC aghaidh ar chomhoibriú le Vodafone atá dírithe ar fheabhas a chur ar shábháilteacht daoine óga ar líne, agus shínigh Scoil Ghnó OCBÁC comhaontú cúig bliana le KPMG a chuirfidh deiseanna nua ar fáil do mhic léinn. Idir an dá linn, buaicphointe dár n-idirchaidreamh idirnáisiúnta a bhí san óráid le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, a rinneadh a shruthú beo ar líne sa Héilics, ar fhreastail mic léinn na hOllscoile ó áiteanna timpeall na tíre air. 

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an tuarascáil seo a léamh. Tá súil agam go mbeidh tú ar aon intinn liom go léirítear Ollscoil inti a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh aici, agus Ollscoil atá dírithe i gcónaí ar a croímhisean - ‘saol daoine agus sochaithe a bhunathrú’. 

Le meas,

An tOllamh Dáire Keogh

Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath