DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin

Eispéireas na Mac Léinn 2022-2023

Léargas ar shaol an mhic léinn agus dul chun cinn sa Teagasc agus san Fhoghlaim in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i rith na bliana acadúla 2022-2023

Ceann de bhunchlocha phlean straitéiseach na hOllscoile ag OCBÁC is ea ‘ceannródaíocht a dhéanamh ar eispéireas bunathraitheach mac léinn’. Teastaíonn obair leanúnach óna bpróiseas seo, lena chinntiú go sásaíonn curaclam riachtanais chéimithe in ionad oibre an 21ú haois. Cinntímid freisin go gcabhróidh na tacaíochtaí pearsanta a chuirimid ar fáil do mhic léinn leo an rath a bhaint amach agus forbairt ina ndaoine muiníneacha agus athléimneacha atá réidh chun aghaidh a thabhairt ar ‘todhchaí nach eol’. 

Ghlac OCBÁC céim mhór i dtaobh eispéireas na mac léinn a fhorbairt i mí Iúil 2023, nuair a seoladh Cúram agus Ceangal, a chur chuige uile-ollscoile i leith meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil agus folláine mhaith mac léinn. Cuirtear roinnt seirbhísí agus tacaíochtaí ar fáil do mhic léinn in aon áit amháin i gCúram agus Ceangal agus tá sé mar aidhm aige pobal lách a fhorbairt inarb eol do mhic léinn go bhfuil a bhforbairt i gcroílár gach rud a dhéanaimid ag an Ollscoil. Mar chuid de na seirbhísí seo atá ag teacht chun cinn, sheol Aontas na Mac Léinn OCBÁC agus Seirbhís Forbartha Pearsanta OCBÁC an tseirbhís éisteachta do mhic léinn, NiteLine. Seirbhís éisteachta agus faisnéise saor in aisce, rúnda, neamhthreorach agus neamhbhreithiúnach é NiteLine a chuireann mic léinn OCBÁC agus ollscoileanna eile timpeall na hÉireann ar bun agus a chuirtear ar bun dóibh. Idir an dá linn, sheol OCBÁC céim a dó den Tionscadal Oiriúnach don Uathachas. Is éard a dhéanfar sna chéad chéimeanna eile sa tionscnamh ná triail phíolótach a bhaint as aip loingseoireachta taobh istigh a chuireann úsáideoirí ar an eolas ar na leibhéil torainn faoi láthair i láithreacha éagsúla ar an gcampas, agus an áit a bhfuil na criosanna ciúine.

Príomhghné inár seasamh domhanda is ea sármhaitheas na Múinteoireachta agus na Foghlama a chuirtear ar fáil do mhic léinn. Bhain OCBÁC áit amach in 2024 i measc na 500 ollscoil is fearr ar domhan}, tar éis measúnú a rinneadh i Rangú Domhanda Ollscoileanna The Times Higher Education (THE). Tháinig ardú ar scóir mhúinteoireachta, thaighde agus ardluanna na hollscoile i rangú 2024. Tháinig ardú 24 áit ar OCBÁC chomh maith go dtí an 89ú háit ar domhan i rangú Ollscoileanna Óga THE. Idir an dá linn, rinne an Ollscoil dul chun cinn aníos go dtí comh-436ú háit i Rangú Domhanda Ollscoileanna QS 2024.

Léirítear ardchaighdeán thairiscint OCBÁC i bhfigiúirí na Lár-Oifige Iontrála don bhliain 2023. Tá méadú tagtha freisin ar na hiarratais chéadrogha a rinneadh le Scoil na Bith-theicneolaíochta, tar éis gur tháinig méadú 97% agus 56%, faoi seach, ar an líon iarratas a rinneadh ar an BSc sa Bhiteicneolaíocht agus ar an BSc sa Ghéineolaíocht agus Cillbhitheolaíocht. Tháinig méadú 74% freisin ar na hiarratais chéadrogha a rinneadh le cúrsa fochéime an Bhaitsiléir Oideachais sa Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Grafaic (Iar-Bhunscoil), a seoladh den chéad uair in 2022. Léirigh mic léinn ionchasacha spéis níos mó i ngairmeacha beatha ina ndírítear ar an aeráid agus inbhuanaitheacht, agus tháinig méadú 20% ar na hiarratais chéadrogha a rinneadh le BA Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath san Aeráid agus Inbhuanaitheacht Comhshaoil. 

Tá tairiscint acadúil na hOllscoile ag teacht chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna nua. 

Sheol OCBÁC an MSc i bPróiseáil Teanga Nádúrtha (NLP), an chéad Chéim Máistir dá cineál in Éirinn sa bhliain 2023. Forbróidh mic léinn ar an gclár ríomhchláir ar féidir leo téacs a thuiscint agus a tháirgeadh, cosúil le ChatGPT nó BARD. Idir an dá linn, sheol an Scoil na Ríomhaireachta, i gcomhar le Lárionad Taighde Anailísíochta Sonraí Insight Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) an gearrchúrsa Tús eolais ar mheaisínfhoghlaim (san fhíorshaol), atá ceaptha chun cabhrú le fochéimithe dul i ngleic leis na feidhmeanna is déanaí a bhaintear as meaisínfhoghlaim i réimsí ar nós cáilíocht an uisce, sláinte, cathracha cliste, feithiclí féinrialaitheacha, agus teicneolaíocht an airgeadais. 

Tugadh chun solais i gComhdháil Todhchaí OCBÁC, a cuireadh ar bun i Meán Fómhair 2023, tiomantas na hOllscoile don nuálaíocht sa Mhúinteoireacht agus san Fhoghlaim. Tugadh idir acadóirí agus cheannairí tionscail ó áiteanna fud fad na tíre le chéile sa chruinniú, a bhí dírithe ar an téama ‘Tras-Scileanna don Ardoideachas a Chomhcheangal’, chun plé a dhéanamh ar an obair a dhéanann OCBÁC agus daoine eile sa réimse seo. Tá baint phríomha leis an gclár tras-scileanna ag Todhchaí OCBÁC, clár na hOllscoile chun an t-oideachas fochéime don 21ú haois a athshamhlú ó bhonn. Cuireann forbairt tras-scileanna (nó scileanna inaistrithe) ar chumas mac léinn agus céimithe teacht aniar a fhorbairt agus athrú a dhéanamh i ndomhan atá ag éirí níos dothuartha i gcónaí.