DCU President’s Office header
DCU President's Office | Oifig an Uachtaráin

Daoine 2022-2023

Tá luachanna “Tús Áite do Dhaoine” Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ríthábhachtach d’fhorbairt leanúnach na hOllscoile.

Is dátaí tábhachtacha i bhféilire na hOllscoile iad Bronntanais Oinigh. Bronnadh i mí na Samhna 2022 Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar an Dr Kenneth Milne, staraí ar a bhfuil ardmheas a bhfuil saineolas ar leith aige ar stair na hÉireann ón seachtú go dtí an fichiú haois. Chuir sé go han-mhór, ach go háirithe, le stair oideachas na hÉireann agus le stair Eaglais na hÉireann. Bhronn OCBÁC Dochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) i Márta 2023 ar an iar-Thaoiseach Bertie Ahern agus ar an Ollamh Monica McWilliams, feachtasóir ar son na síochána agus sínitheoir Chomhaontú Aoine an Chéasta thar ceann Chomhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann. Thit an searmanas speisialta amach sa Héilics agus rinneadh ceiliúradh lena linn ar chothrom 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ar a dtugtar freisin Comhaontú Bhéal Feirste, in 1998. Rinneadh bronnadh i Meán Fómhair 2023 ar Rosaleen Blair CBE mar aitheantas ar an méid a chuir sí le fiontraíocht, oideachas agus comhionannas inscne. Ba bhunaitheoir agus ba POF í ar feadh 23 bliain ar Alexander Mann Solutions (AMS), a rinne an bealach a thugann eagraíochtaí faoi bhainistiú lucht saothair a athrú as éadan agus thóg sí cuideachta a ndearnadh ceannasaí dhomhanda di i dtaobh tallann a fháil agus réitigh ghnó.

Léiríodh onóir i mí Eanáir 2023 ar bhuaiteoirí Ghradaim Alumni bhliantúla OCBÁC ag searmanas ceiliúrtha sa Héilics, i measc a gcairde agus a ndaoine muinteartha. Bronntar Gradaim Alumni OCBÁC gach bliain ar chéimithe a rinne gaiscí móra ina rogha réimsí, nó a chuir ar bhealach tábhachtach le forbairt shóisialta, ealaíonta nó gheilleagrach na hÉireann. Is iad naonúr faighteoirí Ghradaim Alumni OCBÁC 2022: Catherine Keogh, Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáideacha agus Branda ag Kerry Food Group; Rory Assandey, bunaitheoir La Ruche Health; Suzanne Lindsay, Anailísí Faisnéise Sinsearach leis an nGarda Síochána; Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cleona Ní Chrualaoi, léiritheoir a bhuaigh gradam ar An Cailín Ciúin; Derek Cleary, Stiúrthóir Localise National Youth Volunteers; Dearbháil Lawless, Príomhfheidhmeannach AONTAS; Michael Murphy, Ceann Spóirt ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall, agus Brian Walsh, bunaitheoir Réitigh. 

Bronnadh an gradam is mó mic léinn de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Bonn an Seansailéara ar pheileadóir Cheatharlach Jordan Morrissey i ngeall ar a shármhaitheas acadúil agus ar a thiomantas agus a dhúthracht i leith gnéithe neamhacadúla an ardoideachais. Bhain sé céim chéadonóracha MEng san Innealtóireacht Mheicniúil agus Déantúsaíochta amach. Roghnaíodh ceathrar mac léinn de chuid OCBÁC chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn in Washington DC mar chuid de Chlár Washington-na hÉireann (WIP) mór le rá. Bhain Caoimhe Cummins, BCL (Dlí agus Sochaí); Emma Hayes, Oideachas Reiligiúnach agus Stair; Katie Molihan, Staidéar Gnó agus Róisín O'Gara, Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bunscoile) áiteanna amach ar an gclár i ndiaidh próisis dhéin roghnúcháin. 

Tugtar le chéile i nDinnéar Chiorcal Ceannaireachta Iontaobhas Oideachais OCBÁC bliantúil na cairde agus an lucht tacaíochta is mó atá ag OCBÁC chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a chuireann siad le chéile le misean OCBÁC – saol daoine agus sochaithe a bhunathrú. Bronnadh an Gradam Ceannaireachta Corparáidí in 2023 ar an bpríomhghnólacht ábhair thógála CRH, mar aitheantas ar an tacaíocht fhadmharthanach atá á tabhairt acu d’OCBÁC le 35 bliain anuas. Bronnadh an Gradam Ceannaireachta Aonair ar an bhfear céile agus ar an mbean chéile, Siobhán Fay agus Edward McGivney, mar aitheantas ar an tacaíocht a thug alumni OCBÁC do Chlár Rochtana OCBÁC ar feadh beagnach fiche bliain. Bronnadh an Gradam Ceannaireachta Foirne ar an Ollamh Anne Looney, Déan Feidhmiúcháin Institiúid Oideachais OCBÁC, mar aitheantas ar a ceannaireacht in obair le comhpháirtithe daonchairdiúla na hollscoile chun nuálaíocht agus taighde a chur chun cinn a chabhraigh leis an Institiúid a bhunú mar an t-ionad is mó taighde agus staidéir ar an oideachas in Éirinn. 

Ainmníodh an Dr Edoardo Celeste i mí Meithimh mar Thaighdeoir Luathchéime na Bliana 2022 de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn. Ollamh Cúnta Dlí, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta ag OCBÁC é an Dr Celeste agus is i réimse an dlí sonraí, réimse atá ag dul i méid, atá a shaineolas agus díríonn sé go speisialta ar thionchar na réabhlóide digití ar chórais dlí. Bronnadh bonn agus duais Lawrence Bragg 2022 de chuid Institiúid na Fisice (IOP) ar an Dr Eilish McLoughlin as Scoil na nEolaíochtaí Fisiceacha. Bronnadh a gradam ar an Dr McLoughlin i ngeall ar shárcheannaireacht in oideachas múinteoirí fisice agus ar an tionchar suntasach a d’imir sí ar fhoghlaim agus ar mhúineadh na fisice in Éirinn. Roghnaíodh an tOllamh Kevin Rafter, Scoil na Cumarsáide, chun gradam mór le rá Fulbright a bhronnadh air. Bronnadh an gradam ar an Ollamh Rafter chun go dtabharfadh sé faoi thaighde ag Coláiste Bhostúin do leabhar nua faoi Éirinn sna 1980idí. Déantar scrúdú sa tionscadal ar thionchar na Stát Aontaithe ar bheartas geilleagrach na hÉireann agus ar an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann. Ceapadh an tOllamh Blánaid White ina Déan Feidhmiúcháin ar Dhámh na hEolaíochta agus na Sláinte, chun teacht i gcomharbas ar an Ollamh Michelle Butler. Bhíodh an tOllamh White ina Déan ar Nuálaíocht Foghlama Straitéisí, áit ar stiúir agus ar chomhordaigh sí Todhchaí OCBÁC (DCU Futures), tionscadal €19.9 milliún a cistíodh faoin Tionscnamh Caipitil Dhaonna, a fhorbairt agus a thabhairt isteach, an tionscadal nuálaíochta curaclaim ba mhó i stair OCBÁC.

Tugann Dámhachtainí bliantúla an Uachtaráin aitheantas don fheabhas agus don ghaisce i bpobal Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I measc bhuaiteoirí Ghradaim Rannpháirtíochta an Uachtaráin 2023, bhí Líonra Imeasctha Dídeanaithe na hÉireann, CTYI agus cumann uathúil Rochtana ollscoile. Bhí tiomantas, díograis agus taitneamh mar shaintréithe ag Dámhachtainí an Uachtaráin 2023 um Fheabhas sa Mhúinteoireacht agus san Fhoghlaim . Léiríodh onóir ar thaighde a bhain le réimsí, idir theicneolaíocht réabhlóideach léasair agus taighde domhain ar fhuath ban ar líne ag Gradaim an Uachtaráin um Thaighde agus Tionchar 2023