![Faculty of Humanities & Social Sciences header](/sites/default/files/styles/max_1300x1300/public/scholarship_editor/2022-12/H%26SS_Faculty%20of%20Humanities%20%26%20Social%20Sciences.png?itok=2YS39U-8)
![DCU le páirt a ghlacadh i bhFéile Bhróid as Gaeilge le himeacht nua misniúil ‘Dána’](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2021-05/istock-1250418085.jpg?h=aaf879e0&itok=eZNPW3Zf)
DCU le páirt a ghlacadh i bhFéile Bhróid as Gaeilge le himeacht nua misniúil ‘Dána’
Den chéad uair, tá sé i gceist ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, imeacht dhá lá as Gaeilge a reáchtáil le scrúdú a dhéanamh ar an ngnéasúlacht agus ar an gcollaíocht i léann na Gaeilge mar chuid d’Fhéile LADTA+ Bhróid Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh.
Iarracht nua ‘dhána’ dóibh siúd a bhfuil suim acu i bhFéile Bhróid is ea é agus is é ‘Dána’ teideal oiriúnach an imeachta iontaigh seo. Sraith seimineár dhá chuid bunaithe ar an ngnéasúlacht agus ar an gcollaíocht sa Ghaeilge atá i gceist agus beidh siad ar siúl ar an 18 agus ar an 25 Meitheamh ó 4i.n. go dtí 6i.n
Beidh Dána ina imeacht spreagúil agus tabharfar cainteanna bunaithe ar réimse leathan topaicí éagsúla, lena n-áirítear an homanáisiúnachas agus scrúdú ar an ngnéas agus ar an gcollaíocht i litríocht chomhaimseartha na teanga. Ina theannta sin, cuirfear dhá sheisiún nár cheart iad a chailleadh ar siúl leis an Oll. Barry McCrea ó Ollscoil Notre Dame in Indiana agus leis an Dr Caitríona Ní Chléiríchín ó DCU, file a bhfuil duaiseanna buaite aici. Is é ‘Im’ Lampa Lasta’ – Oilithreacht Aerach i Litríocht na Gaeilge’ teideal chaint an Oll. McCrea agus pléifidh an Dr Ní Chéirichín ‘An Tráma: Guth na Colainne i bhFilíocht Chomhaimseartha na mBan’.
Dúirt an Dr Seán Mac Risteaird, Ollamh Cúnta le Gaeilge in DCU, agus comheagraí an imeachta: “Is minic a thuigtear léann na Gaeilge mar réimse coimeádach nó seanfhaiseanta; disciplín nach ndéantar difríochtaí nó éagsúlacht a cheiliúradh ann. Tá sé mar aidhm ag Dána an tuiscint sin a cheistiú chun a léiriú go bhfuil an éagsúlacht chéanna le brath i measc scríbhneoirí agus scoláirí phobal na Gaeilge is atá le brath i réimse ar bith eile. Déanta na fírinne, déanfaidh Dána ceiliúradh ar an éagsúlacht atá le brath i bpobal na Gaeilge. Bí linn, mar sin, ar an 18 agus ar 25 Meitheamh le páirt a ghlacadh i mionphlé ar agus le haitheantas a thabhairt do théamaí nua misniúla atá ag teacht chun cinn i réimse na Gaeilge trí mhionscrúdú a dhéanamh ar an bhféiniúlacht, ar an gcollaíocht agus ar an inscne.”
Scoil idirdhisciplíneach de chuid DCU is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge a aithnítear go hidirnáisiúnta as caighdeán na gclár a sholáthraíonn sé trí mheán na Gaeilge, agus as nádúr nuálach theagasc, taighde agus obair na foirne acadúla agus na dtaighdeoirí ar ár dtionscadail dhigiteacha.
Le clárú do Dána, téigh i dteagmháil leis an Dr Seán Mac Risteaird: sean.macristeaird@dcu.ie
Tá an tsraith seimineár á heagrú ag an Dr Seán Mac Risteaird, Ollamh Cúnta, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar leis an Dr Amy Mitchell, taighdeoir neamhspleách.