Pádraig Ó Liatháin

Profile picture of Pádraig Ó Liatháin

Beatha is sláinte chugaibh. Is mise Pádraig Ó Liatháin, léachtóir agus Cathaoirleach Cláir ar an gcúrsa MA i Léann na Gaeilge. Pribhléid is ea é a bheith ag obair ar an gclár seo, agus is breá liom a bheith ag plé le mic léinn iarchéime. Mar eolas, tá an clár féin deartha go speisialta le freastal ar shuimeanna comhaimseartha na mac léinn. 

Is clár uileghabhálach, idirdhisciplíneach é an MA seo, agus táimid tar éis a dhéanamh cinnte de go bhfuil deiseanna foghlama ag mic léinn a chuimsíonn an-chuid réimsí acadúla – cruinneas teanga, cúrsaí aistriúcháin, cúrsaí inscne agus féiniúlachta, an teangeolaíocht fheidhmheach, taighde corpais, prós, filíocht agus an traidisiún béil.

Mar chathaoirleach an chláir, beidh mé ag coimeád súil ar bhur ndul chun cinn agus ag cinntiú go mbaineann sibh leas agus taitneamh as an gcúrsa. Fairis sin, beidh mé ag tabhairt léachtaí ar an ndialann chomhaimseartha sa Ghaeilge. 

Is taighdeoir gníomhach mé, agus nascaim sin le mo chuid teagaisc i gcónaí. Faoi láthair táim ag obair ar mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thrascríobh agus a chur i gcló. Foilsíodh Imleabhar I ag deireadh 2022, agus tá Imleabhar II nach mór réidh. Is suim liom litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, agus beidh mé féin agus mo chomhghleacaithe ildánacha ag súil le cur le bhur gcumas teanga agus le solas a chaitheamh ar chuid de sheoideanna na Gaeilge.

DCU Prospectus - Back to MA i Léann na Gaeilge