Evan Downey

Profile picture of Evan Downey

Roghnaigh mé an clár seo a dhéanamh, toisc go raibh suim agam máistreacht a dhéanamh sa ghnó. Bhí mé díreach i ndiaidh mo bhunchéim a dhéanamh i nGnó agus Gaeilge sa scoil céanna, Fiontar agus Scoil na Gaeilge. Bhain mé sult as an gcúrsa sin, agus mar gheall ar sin rinne sé ciall dom féin an clár sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach a roghnú. Mhothaigh sé mar an chéad chéim eile ceart dom.

An rud ab fhearr liom ar an iomlán faoin gcúrsa ná an nasc a chruthaigh mé idir an obair agus an chlár. Bhí mé in ann mo tascanna a dhéanamh ar ábhair mo chuid oibre sa phost a bhfuil agam, agus bhí mé in ann gach rud a d’fhoghlaim mé ar an gcúrsa a chur i bhfeidhm san obair.

Sampla den scoth de seo ná an modúil sna hillmhéain a bhí againn sa chéad bhliain. Chuir mé na scileanna a d’fhoghlaim mé ar an modúil sin i bhfeidhm laistigh de chomórtas san áit oibre. Bhuaigh mé IPad as an físeán beag a chur mé le chéile, tríd úsáid a bhaint as na scileanna ón gclár.

Cinnte d’athraigh an chlár mo shaol i mbealaí níos dearfacha ná diúltacha. Bhí mé díreach críochnaithe sa bhunchéim nuair a thosaigh mé sa chlár seo, ag aois óg de 22. Thug an clár deis dom níos mó fás a dhéanamh ionam féin, agus forbairt a dhéanamh ar mo scileanna cumarsáide, bainistíochta, agus scileanna eile nach raibh mé ag súil le forbairt, ar nós scileanna illmhéain. Chomh maith leis sin, tá tuiscint I bhfad níos leithne agam ar rudaí nach raibh aon tuiscint, nó go raibh beagán tuiscint agam orthu roimh an chlár. Rudaí ar nós an intleacht shaorga, blocslabhra agus néalríomhaireacht. Tá raon fíorleathan ar an glár seo.

Caithfidh mé béim eile a chur ar an nasc a chruthaigh mé idir an obair agus an chlár. Dár liomsa, gheobhaidh tú i bhfad níos mó amach as an gclár má cuirtear isteach an iarracht sa chéad áit. An chomhairle go mbeadh agam ná, más féidir, cruthaigh nasc idir an obair atá ar siúl agat agus na tascanna atá ar siúl agat. Sa chaoi sin, déanann sé na tascanna níos éasca duit féin toisc go bhfuil said ábhartha duit.

Píosa comhairle amháin eile go mbeadh agam ná chun sult a bhaint as na tascanna. Tá sé go breá ag déanamh na tascanna i rith na bliana. Ach ar an chlár seo, is féidir, agus dár liomsa is gá, taitneamh a bhaint as na tascanna. Tá an méid sin saoirse laistigh de na tascanna atá le déanamh, gur féidir do rud féin a chruthú agus a dhéanamh go mbainfidh tú sult as.

An comhairle is mó go mbeadh agam ná dean iarracht spraoi agus taitneamh a bhaint as na tascanna. Déanfaidh sé an taithí i bhfad níos deise duit. Sampla go thugaimse i gcónaí ná go raibh orainn físeán a dhéanamh ar an néalríomhaireacht sa chéad bhliain. 

Ní ábhair iontach suimiúil é sin ina aonair, ach i ndiaidh dom machnamh a dhéanamh faoi conas an tasc a dhéanamh taitneamhach, bhí plean agam. Thóg mé iasacht de Tesla ón obair chun an físeán a thaifead. Sa chaoi sin, bhí an tasc ceann de na rudaí is taitneamhach atá déanta agam riamh san ollscoil. Is féidir an méid sin sult a bhaint as an chlár seo, agus foghlaimeoidh tú an méid sin scileanna úsáideacha don saol amach anseo.

DCU Prospectus - Back to MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach