Eoghan McConalogue

Profile picture of Eoghan McConalogue

Tá Dr Eoghan Mac Conaill Óig ag feidhmiú mar Ollamh Cúnta le Gnó agus mar Cathaoirleach MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. I measc na hábhair a mbíonn sé ag plé leo tá cursaí eSláinte, muinín agus príobháideachas.

Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Thar tréimhse dhá bhliain, tugann mic léinn pháirtaimseartha faoi mhodúil i réimse topaicí a bhaineann leis an ngnó digiteach, bainistíocht agus ceannaireacht, agus cúrsaí straitéise agus margaíochta, chomh maith le tionscadal nó tráchtas sa taighde feidhmeach. Dearadh gach ceann de na modúil ar mhaithe le freastal ar threochtaí atá ag teacht chun cinn i saol a hoibre sa lá atá inniu ann.

Sna gnéithe den chúrsa a bhaineann leis an ngnó digiteach, líonraí agus na meáin, foghlaimeoidh mic léinn eolas agus scileanna teicniúla a chuirfidh ar a gcumas ábhar a chruthú agus cumarsáid a dhéanamh ar ardáin dhigiteacha, idir na cinn atá coitianta agus cinn atá ag teacht chun cinn.  Forbróidh mic léinn tuiscint phraiticiúil ar an dea-chleachtas i ndearadh gréasáin, inúsáidteacht suíomhanna gréasáin, eispéireas an úsáideora agus feachtais agus tionscadail ríomhthráchtála.

Trí na modúil taighde agus bhainistíochta, díreofar ar na tuiscintí a theastaíonn i gairmeacha bainistíochta agus ceannaireachta. Forbróidh mic léinn scileanna boga agus tras-scileanna, chomh maith le tuiscintí ar an tionchar a imríonn bunachair sonraí, an t-uathoibriú agus an mheaisínfhoghlaim ar chleachtais thraidisiúnta bhainistíochta.

DCU Prospectus - Back to MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach