Arts Council announces two new writers-in-residence for Dublin City University / Beirt Scríbhneoirí Cónaithe fógartha ag An Comhairle Ealaíon di DCU
The Arts Council has announced the recipients of its 2025 Artist in Residence awards across Higher Education and this year at Dublin City University, Réaltán Ní Leannáin has returned for a second term as Scríbhneoir Cónaitheach (Irish Writer in Residence) and Irish writer and arts journalist Sarah Gilmartin joins DCU as English language Writer in Residence for 2025.
Tá na ceapacháin sna hinstitiúidí ardoideachais faoi scéim Ealaíontóirí Cónaithe 2025 fógartha ag An Chomhairle Ealaíon agus i mbliana in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, beidh Réaltán Ní Leannáin ar ais don dara téarma mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge, agus beidh Sarah Gilmartin, scríbhneoir agus iriseoir ealaíon, linn mar Scríbhneoir Cónaithe Béarla don bhliain 2025.
Speaking at the announcement, Maureen Kennelly, Director of the Arts Council, emphasised the transformative value of these residencies:
Ag labhairt di ag an ócáid fógartha, leag Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, béim ar luach claochlaitheach na gcónaitheachtaí:
The Artist in Residence programmes demonstrate the Arts Council’s dedication to helping artists build meaningful careers. They help embed creativity in education, providing critical support to artists as they advance their practice, while also creating vibrant opportunities for students and staff to engage directly with professional artistic expression. They make for a profound exchange that inspires and uplifts both the artistic and academic communities. We are hugely grateful to all the institutions who work with us to deliver these residency programmes. Their partnership and continued support are immensely valued.
Léiríonn an scéim um Ealaíontóirí Cónaithe tiomantas na Comhairle Ealaíon cabhrú le healaíontóirí a ngairm a thógáil ar shlí an-fhónta. Déanann siad an chruthaitheacht a leabú san oideachas, tacaíocht ríthábhachtach a thabhairt d’ealaíontóirí agus a gcleachtas ealaíonta á chur chun cinn acu, agus gineann siad deiseanna bríomhara do mhic léinn agus baill foirne blas a fháil ar an léiriú ealaíonta. Cuireann an idirbheartaíocht idir lucht ealaíon agus acadúil bonn iontach faoin léiriú ealaíonta. Táimid thar a bheith buíoch de na hinstitiúidí go léir a oibríonn linn chun na cláir chónaitheachta seo a chur chun cinn. Tá an-mheas againn ar a gcomhpháirtíocht agus ar a dtacaíocht leanúnach.
Réaltán Ní Leannáin is the presenter of the popular podcast series, Bláth na dTulach, and in 2023, Réaltán received Gradam Uí Shúilleabháin for her exceptional work editing the acclaimed short story anthology of the same name. Réaltán’s writing has reached a global audience, with translations into English, Basque, Catalan, Galician, Slovenian, Frisian, Korean, German, and more.
Is í Réaltán Ní Leannáin láithreoir na sraithe podchraoltaí móréilimh, Bláth na dTulach, agus in 2023, bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin uirthi as a cuid oibre i dtaca leis an díolaim gearrscéalta faoin teideal céanna a chur in eagar. Tá scríbhneoireacht Réaltán tar éis lucht léite idirnáisiúnta a bhaint amach de thairbhe go bhfuil a saothar ar fáil i mBéarla, Bascais, Catalóinis, Gailísis, Slóivéinis, Freaslainnis, Cóiréis, Gearmáinis agus go leor eile.
Sarah Gilmartin is best known for her critically acclaimed novels, Dinner Party (2021) and Service (2023). Sarah’s work has garnered international praise, including shortlistings for the Irish Book Award and the Kate O’Brien Award, as well as accolades like Waterstones Book of the Month and inclusion in the Washington Post’s top books of summer. A co-editor of Stinging Fly Stories and a recipient of the Máirtín Crawford Short Story Award, Sarah’s short fiction has appeared in The Dublin Review, New Irish Writing, and The Tangerine.
Tá cáil ar Sarah Gilmartin as a cuid úrscéalta, Dinner Party (2021) agus Service (2023) atá molta go hard ag lucht critice. Tá clú idirnáisiúnta meallta ag saothar Sarah cheana féin nó gearrlíostaíodh é do Ghradam Leabhar na hÉireann agus Gradam Kate O’Brien, chomh maith le Leabhar na Míosa (Waterstones), mar aon le bheith ar liosta leabhair an tsamhraidh ag an Washington Post. Is comheagarthóir ar Stinging Fly Stories í agus bronnadh Gradam Gearrscéalta Máirtín Crawford uirthi; tá gearrfhicsean Sarah foilsithe in irisí éagsúla amhail The Dublin Review, New Irish Writing, agus The Tangerine.
Réaltán Ní Leannáin and Sarah Gilmartin join writer Dave Rudden and arts organisation, The Ark, who have been selected as Young People, Children, and Education (YPCE) Artists in Residence at the DCU Institute of Education for the academic year 2024/’25.
Beidh Réaltán Ní Leannáin agus Sarah Gilmartin i bpáirt le Dave Rudden, scríbhneoir, agus leis an eagras ealaíon, The Ark, atá rognaithe mar Young People, Children, and Education (YPCE) Artists in Residence in Institiúid Oideachais, DCU don bhliain acadúil 2024/’25.
Marcella Bannon, Cultural Arts Officer at DCU, explained the benefits of the artist-in-residence programme for Higher Education institutions:
Mhínigh Oifigeach na nEalaíon Cultúrtha in DCU, Marcella Bannon, an tairbhe a bhaineann le scéim na nEalaíontóirí Cónaithe in Institiúidí Ardoideachais:
Artist-in-Residence programmes foster a deep appreciation for the arts and creativity across multiple fields. These programmes offer artists dedicated time and space to reflect, engage in research, collaborate with researchers in DCU, explore new ideas, experiment, and ultimately produce new artwork. Moreover, the residencies provide an opportunity for individuals to expand their artistic practices within an academic setting.
Cothaíonn cláir Ealaíontóirí Cónaithe tuiscint dhomhain ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht i réimsí iomadúla. Cuireann siad am agus spás ar fáil d’ealaíontóirí chun machnamh a dhéanamh, dul i mbun taighde, comhoibriú le taighdeoirí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, smaointe nua a iniúchadh, triail a bhaint as saothar ealaíne nua agus é sin a tháirgeadh. De bhreis air sin, tugann na cónaitheachtaí deis do dhaoine aonair a gcleachtais ealaíne a leathnú taobh istigh den chomhthéacs acadúil.
For more information on DCU's artist-in-residence programme, visit this webpage.
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoi chlár ealaíontóirí cónaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, lean an nasc seo.