Sophie White and Aifric Mac Aodha
Sophie White and Aifric Mac Aodha

DCU 2023 Writers in Residence Announced

New writers in residence are Aifric Mac Aodha and Sophie White

Dublin City University is delighted to announce the appointment of poet Aifric Mac Aodha, as Irish-Language Writer-in-Residence and Sophie White as Writer-in -Residence. Both writers will take up their posts in January 2023. Aifric will be located in Fiontar & Scoil na Gaeilge and Sophie at the School of English. 

These positions are funded jointly by the Arts Council and DCU, a long-standing partnership that provides university students with an opportunity to work with and learn from writers of distinction, and to enable writers to develop their work while in a position of relative financial stability.

Aifric Mac Aodha

Aifric Mac Aodha is a poet and editor. She published her first collection, Gabháil Syrinx, in 2010 (An Sagart). She spent a period as editor of Comhar and for several years she has been Irish-language editor for various journals including The Stinging Fly, Poetry Ireland Review and gorse. She has received many bursaries from the Arts Council of Ireland and was the winner of the Oireachtas Prize for Poetry in 2017Her latest bilingual collection is Foreign News (The Gallery Press, 2017) with translations by David Wheatley. She lives in Dublin.

Sophie White

Sophie White is a novelist, essayist and podcaster. Her first four books, Recipes for a Nervous Breakdown (Gill, 2016), Filter This (Hachette, 2019), Unfiltered (Hachette, 2020) and The Snag List (Hachette, 2022), have been bestsellers and award nominees. Her fifth book, the bestselling memoir Corpsing (Tramp Press, 2021), was shortlisted for an Irish Book Award and the Michel Déon Prize for non-fiction.

Sophie writes a weekly column ‘Nobody Tells You’ for the Sunday Independent Life magazine and she has been nominated for Journalist of the Year at the Irish Magazine Awards, Columnist of the Year at the Irish Newspaper Awards and for a Special Recognition Award at the Headline Mental Health Media Awards. TV adaptations of her first two novels are in development and she is co-host of the chart-topping comedy podcasts Mother of Pod and The Creep Dive. Sophie lives in Dublin with her husband and three sons.

 

You can read more about the Writer-in-Residence/ Fellowship appointments for 2023 on the Arts Council website

 

Scríbhneoirí Cónaithe DCU 2023 Fógartha

Is mian le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt go bhfuiltear tar éis Aifric Mac Aodha a cheapadh mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge agus Sophie White mar Scríbhneoir Cónaithe. I mí Eanáir 2023 a rachaidh an bheirt acu i mbun oibre. In Fiontar & Scoil na Gaeilge a bheas Aifric lonnaithe agus beidh Sophie i Scoil an Bhéarla.

An Chomhairle Ealaíon agus DCU a dhéanann an dá phost a chómhaoiniú, comhpháirtíocht sheanbhunaithe a chuireann deis ar fáil do mhic léinn ollscoile plé le scríbhneoirí gradamúla agus bheith ag foghlaim ina dteannta, agus a chuidíonn le scríbhneoirí a gcuid oibre féin a chur chun cinn trí thacaíocht airgeadais.

Aifric Mac Aodha

File agus eagarthóir í Aifric Mac Aodha. D’fhoilsigh sí a céad chnuasach filíochta, Gabháil Syrinx, in 2010 (An Sagart). Chaith sí tréimhse ina heagarthóir ar Comhar agus le tamall de bhlianta anuas, tá sí ina heagarthóir Gaeilge ar irisí éagsúla, The Stinging Fly, Poetry Ireland Review, agus gorse ina measc. Bhronn An Chomhairle Ealaíon mórchuid sparánachtaí uirthi agus bhuaigh sí Duais Oireachtais don Fhilíocht in 2017. Is é Foreign News (The Gallery Press, 2017), mar aon le haistriúcháin le David Wheatley, an cnuasach is déanaí léi. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.

Sophie White

Úrscéalaí, scríbhneoir aistí agus podchraoltóir is ea Sophie White. Bhí ráchairt ar a céad cheithre leabhar, Recipes for a Nervous Breakdown (Gill, 2016), Filter This (Hachette, 2019), Unfiltered (Hachette, 2020) and The Snag List (Hachette, 2022), agus ainmníodh do ghradaim éagsúla iad. Gearrlíostaíodh a cúigiú leabhar, Corpsing (Tramp Press, 2021), ar dírbheathaisnéis sárdhíola é, do Ghradam Irish Book agus do Dhuais Michel Déon don Neamhfhicsean.

Bíonn colún seachtainiúil, ‘Nobody Tells You’, ag Sophie san iris LIFE ar an Sunday Independent agus ainmníodh in amanna éagsúla do na gradaim seo a leanas í: Iriseoir na Bliana ag Gradaim Irisí na hÉireann, Colúnaí na Bliana ag Gradaim Nuachtáin na hÉireann agus Duais Aitheantais ag Gradaim Headline Mental Health Media. Tá cóiriú teilifíse á dhéanamh faoi láthair ar a céad dá úrscéal agus is comhóstach í ar na podchraoltaí grinn, Mother of Pod agus The Creep Dive. Tá cónaí ar Sophie i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus a triúr mac.