DCU PR & Communications header
PR & Communications
AMUIGH FAOIN SPÉIR Book Cover

Irish Language Writer in Residence publishes new children's book

Sadhbh Devlin, DCU Irish Language Writer in Residence and award-winning writer of adorable Irish language picturebooks, will publish AMUIGH FAOIN SPÉIR, her new book with illustrator Brian Fitzgerald on Monday, October 3rd.

AMUIGH FAOIN SPÉIR is Sadhbh's fourth book with Futa Fata.

About the book

Rua is delighted that the weekend is here. He’s looking forward to lying on the sofa and watching his favourite cartoons all day. Mammy is happy that it’s the weekend too, but she has a completely different plan – a plan that, according to Rua, means they’ll all get cold, wet, and dirty. He’d much prefer to stay warm, dry, and clean – but will he get his way? A joyful celebration of the beauty of nature and the special sofa-snuggles that follow a big adventure in the great outdoors.

Author

Sadhbh Devlin is an award-winning writer of adorable Irish language picturebooks. Her interactive readings, events and book workshops are in great demand all over Ireland. Sadhbh’s book, BEAG BÍDEACH (Futa Fata, 2018), was shortlisted for four prestigious awards, including the Children’s Books Ireland,Book of the Year Award and the Irish-language children’s book of the year award, Gradam Réics Carló. Her most recent picturebook, GEANSAÍ OTTÓ, won the LAI:Book of the Year Award in 2021. She is the Dublin City University Irish Language Writer in Residence for 2022. She lives in Co. Wicklow with her husband and twin daughters. AMUIGH FAOIN SPÉIR is her fourth book with Futa Fata.

Illustrator

An award winning Children’s Picture Book illustrator working in Dublin. He graduated from the National College of Art and Design in 1983. He has over 30 years’ experience working with educational companies, design agencies, editorial and children book companies. Up to 2013, his work mainly focused on editorial and school publishing but in recent years he has developed as an illustrator of children’s picture books. He has discovered his passion and joy in this field and aims to concentrate his future creative work in this area.

 

AMUIGH FAOIN SPÉIR will be available from Futa Fata and all good bookshops on October 3rd.

 

Foilseoidh Sadhbh Devlin, Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge DCU agus scríbhneoir pictiúirleabhair gleoite Gaeilge, a leabhar nua le maisitheoir Brian Fitzgerald, AMUIGH FAOIN SPÉIR, Dé Luain 3 Deireadh Fómhair.

 Faoin Leabhar:

Tá Rua breá sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann agus gur féidir leis luí siar ar an tolg le breathnú ar chartúin ar feadh an lae. Tá Mamaí sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann freisin ach tá plean iomlán éagsúl aici siúd don lá. Plean a chiallaíonn go mbeidh siad fuar, fliuch agus salach, dar le Rua. B'fhearr leis féin fanacht te, tirim agus glan - ach an éireoidh leis? Scéal álainn a dhéanann ceiliúradh ar an domhan nádúrtha agus ar bheith neadaithe go teolaí ar an tolg i ndiaidh eactra mhór amuigh faoin spéir.

An tÚdar



Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá an-éileamh ar na ceardlainne agus imeachtaí leabhair a chuireann sí ar fáil ar fud na tíre. Ainmníodh a leabhar, BEAG BÍDEACH (Futa Fata 2018) le haghaidh ceithre ghradaim mór le rá, ina measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhuaigh an saothair is deireanaí uaithi, GEANSAÍ OTTÓ (Futa Fata, 2020), Gradam Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) i 2021.Is í an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2022 le DCU í.Tá cónaí uirthi i gCo.Chill Mhantáin lena fear chéile agus beirt iníon. Is é AMUIGH FAOIN SPÉIR an cheathrú leabhar uaithi le Futa Fata.

An Maisitheoir



Tá saothar Brian Fitzgerald don óige ar fáil go forleathan, é foilisthe ag Blue Apple Books New Jersey, SAM, Carthusia Books na hIodáile, Les apprentis réveurs, An Fhrainc, Usborne Publishing na Breataine, An Gúm, agus Futa Fata in Éirinn.Is é a mhaisigh na leabhair CÓCÓ AN COLGÁN CAIRDIÚIL a scríobh Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus BINJÍ, MADRA AR STRAE le Patricia Forde. Bhí sé ar dhuine den cheathrar maisitheoir a chruthaigh ealaín don chnuasach BLIAIN NA nAMHRÁN le Tadhg Mac Dhonnagáin, saothar a bhain Gradam Réics Carló 2018, Gradam Speisialta na Moltóirí ag Gradaim CBI, 2017 agus Gradam White Ravens ó Leabharlann na nÓg, München na Gearmáine, 2017.