Fáilte
Shows St Patrick's Campus in Drumcondra

Fáilte chuig suíomh gréasáin SEALBHÚ. Is lárionad muid atá tiomanta do thaighde a dhéanamh ar fhoghlaim agus ar theagasc na Gaeilge. Creidimid go láidir go rachaidh obair SEALBHÚ chun sochair d'fhoghlaimeoirí teanga, múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus lucht déanta beartas trasna an chórais oideachais, ón réamhscolaíocht go dtí an ollscolaíocht.

We in SEALBHÚ firmly believe that the Centre’s work will benefit language learners, teachers, principals, parents and policy-makers across the education system, from preschool  to university.


Cad a dhéanaimid?

Is lárionad taighde tras-dáimhe é SEALBHÚ. Tá saineolas agus taithí na mblianta ag ár gcuid taighdeoirí ar thionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur i gcrích. D’imir an taighde seo tionchar ar pholasaithe tábhachtacha oideachais agus pleanála teanga sa bhaile agus i gcéin. Tá sé mar phríomhaidhm ag an Lárionad coimriú agus comhordú a dhéanamh ar thaighde ar an nGaeilge i réimsí na Teangeolaíochta Feidhmí agus na Pleanála Teanga in Éirinn agus bheith ag obair go dlúth lenar gcomhghleacaithe i dtíortha eile a bhfuil na saincheisteanna céanna idir lámha acu.

SEALBHÚ is a cross-faculty research centre. Our researchers have a wealth of expertise and many years of experience completing national and international projects. Their research has had an impact on important education and language planning policies. The Centre has as its main aims to consolidate and co-ordinate Applied Linguistics and Language Planning research in Ireland and to work closely with our partners in other countries who are investigating similar issues.