School of Language, Literacy & Early Childhood Education header
School of Language, Literacy & Early Childhood Education

Teagasc na Gaeilge

Teagasc na Gaeilge

Teagasc na Gaeilge academic staff contribute to and deliver Institute of Education programmes at undergraduate and postgraduate levels in the context of primary teaching.

For further information about the Teagasc na Gaeilge modules at Level 8 degree or Level 9 master programmes, click on the tabs below.

Undergraduate Programmes

Teagasc na Gaeilge i gCéim an Bhaitsiléara san Oideachas (BOid)
Teasgasc na Gaeilge in Bachelor of Education (BEd)

Croí-mhodúl/Core Module

Díríonn modúil Theagasc na Gaeilge ar oideolaíochtaí do theagasc na Gaeilge mar chéad (T1) agus mar dhara teanga (T2) sa bhunscoil. Díríonn na modúil ar fhorbairt scileanna litearthachta na bpáistí (teanga ó bhéal-éisteacht agus labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht) trí mheán na Gaeilge ó rang na naíonán go rang a sé. Tugtar aird chomh maith ar chomhtháthú na Gaeilge i rith an lae scoile agus múineadh ábhar eile trí Ghaeilge. Tá an cúrsa treoraithe ag teoiricí foghlama agus ag taighde idirnáisiúnta a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga (T2). Freastalaíonn na mic léinn ar mhodúl amháin i dTeagasc na Gaeilge le linn gach bliain acadúil den chéim BOid. Cuireann ceardlanna Theagasc na Gaeilge oiliúint phraiticiúil ar mhic léinn go mbeidh siad in ann tabhairt faoi theagasc na Gaeilge (pleanáil, teagasc agus measúnú) go héifeachtach sa seomra ranga bunscoile. Cuirtear béim ar leith ar chur chuige cumarsáideach, ar na straitéisí teagaisc is mó a bhaineann leis, agus ar an teagasc i dtreo an traschur scileanna idir agus thar teangacha.

Mionspeisialachas/Minor Specialism

Bíonn sé de rogha ag mic léinn cúrsa mionspeisialachais a dhéanamh ar an nGaelscolaíocht agus an teagasc trí Ghaeilge. Díríonn an cúrsa seo ar mhic léinn a ullmhú le dul ag múineadh sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Breathnaítear ar an tumoideachas, ar an dátheangachas agus ar sholáthar an churaclaim uile trí mheán na Gaeilge sa bhunscoil lán-Ghaeilge. Bíonn deis ag mic léinn taithí oibre a fháil i suíomh lán-Ghaeilge (bunscoil nó naíonra) le linn an chúrsa. Bíonn turas chuig suíomh tumoideachais (Béal Feirste, Alban nó an Bhreatain Bheag) mar chuid den chúrsa. Cabhraítear leis na mic léinn agus iarratais á gcur isteach acu (CV & Agallamh) ar phoist sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Tionscadal Taighde/Final Year Research Project

Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thionscadal taighde, sa cheathrú bliain den BOid, a bhaineann le sainghné amháin de theagasc na Gaeilge mar chéad (T1) nó mar dhara teanga (T2) nó teagasc ábhar eile trí Ghaeilge (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga: FCÁT/ CLIL). Bronnann an tionscadal taighde deis ar mhic léinn dul i ngleic le teoiric agus taighde a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga (T2). Spreagann an tionscadal taighde mic léinn le bheith gníomhach ina gcuid foghlama féin agus machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas gairmiúil féin mar múinteoirí Gaeilge. Forbraíonn na mic léinn scileanna taighde agus scileanna scríbhneoireachta acadúil trí Ghaeilge.

Socrúchán Scoile i scoileanna lán-Ghaeilge/Placement-based Work in Gaelscoileanna

Bíonn sé de rogha ag mic léinn aon cheann de na socrúcháin scoile le linn na céime BOid a dhéanamh i scoil lán-Ghaeilge nó i scoil Ghaeltachta. Tugann an deis seo léargas do na mic léinn ar phost an mhúinteora bunscoile i suíomh lán-Ghaeilge. Le borradh na nGaelscoileanna le blianta beaga anuas spreagtar mic léinn leis an deis a thapú tabhairt faoin socrúchán scoile i suíomh lán-Ghaeilge más suim leo. Bíonn foireann theagasc na Gaeilge ar fáil le tacaíocht a thabhairt do mhic léinn agus iad i mbun an tsocrúcháin scoile i suíomh lán-Ghaeilge.

Course Information » DC002

Course Information » DC003 (Restricted entry - Gaeltacht Applicants)

Postgraduate Programmes

Teagasc na Gaeilge i Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO)
Teagasc na Gaeilge in Professional Master of Education Primary (PMEP)

Croí-mhodúl/Core Module

Díríonn modúil Theagasc na Gaeilge ar oideolaíochtaí do theagasc na Gaeilge mar chéad (T1) agus mar dhara teanga (T2) sa bhunscoil. Díríonn na modúil ar fhorbairt scileanna litearthachta na bpáistí (teanga ó bhéal-éisteacht agus labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht) trí mheán na Gaeilge ó rang na naíonán go rang a sé. Tugtar aird chomh maith ar chomhtháthú na Gaeilge i rith an lae scoile agus múineadh ábhar eile trí Ghaeilge. Tá an cúrsa treoraithe ag teoiricí foghlama agus ag taighde idirnáisiúnta a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga. Freastalaíonn mic léinn MGO ar cheardlanna Theagasc na Gaeilge ar feadh dhá uair an chloig sa tseachtain i rith an chéad seimeastair sa chéad bhliain den chúrsa. Sa chéad seimeastar den dara bliain den chúrsa, bíonn meascán de cheardlanna praiticiúla agus foghlaim ar líne curtha ar fáil do mhic léinn. Cuireann ceardlanna Theagasc na Gaeilge oiliúint phraiticiúil ar mhic léinn go mbeidh siad in ann tabhairt faoi theagasc na Gaeilge (pleanáil, teagasc agus measúnú) go héifeachtach sa seomra ranga bunscoile. Cuirtear béim ar leith ar chur chuige cumarsáideach, ar na straitéisí teagaisc is mó a bhaineann leis agus ar an teagasc i dtreo an traschur scileanna idir agus thar teangacha.

Mionspeisialachas/Minor Specialism

Bíonn sé de rogha ag mic léinn MGO cúrsa mionspeisialachais a dhéanamh ar an nGaelscolaíocht agus An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT/CLIL). Ullmhaíonn an cúrsa seo mic léinn le dul ag teagasc sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nó le hábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge sna scoileanna arbh é an Béarla an meán teagaisc iontu. Breathnaítear ar an tumoideachas agus ar bhuntáistí an dátheangachais le linn an chúrsa. Cuirtear oiliúint praiticiúil ar mhic léinn go mbeidh siad in ann tabhairt faoi ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge i scoileanna Béarla. Tugtar aird ar ról an mhúinteora agus é ag cur creat tacaíochta foghlama ar fáil d’fhoghlaimeoirí le linn ceachtanna FCÁT. Bíonn deis ag mic léinn mionstaidéar a dhéanamh ar na teoiricí foghlama agus an taighde idirnáisiúnta a bhaineann le FCÁT.

Tionscadal Taighde/Final Year Research Project

Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thionscadal taighde, a bhaineann le sainghné amháin de theagasc na Gaeilge nó teagasc ábhar eile trí Ghaeilge, sa dara bliain den chúrsa MGO. Bronnann an tionscadal taighde deis ar mhic léinn dul i ngleic le teoiric agus taighde a bhaineann le teagasc éifeachtach an dara teanga. Spreagann an tionscadal taighde mic léinn machnamh criticiúil a dhéanamh ar a gcleachtas gairmiúil féin mar mhúinteoirí Gaeilge. Forbraíonn na mic léinn scileanna taighde agus scileanna scríbhneoireachta acadúil trí Ghaeilge. Cuireann tionscadail taighde na mac léinn leis an mbonneolas gairmiúil do theagasc na Gaeilge.

Socrúchán Scoile i scoileanna lán-Ghaeilge/Placement-based Work in Gaelscoileanna

Bíonn sé de rogha ag mic léinn MGO aon cheann de na socrúcháin scoile le linn a dhéanamh i scoil lán-Ghaeilge nó i scoil Ghaeltachta. Tugann an deis seo léargas do na mic léinn ar phost an mhúinteora bunscoile i suíomh lán-Ghaeilge. Le borradh na nGaelscoileanna le blianta beaga anuas spreagtar mic léinn leis an deis a thapú tabhairt faoin socrúchán scoile i suíomh lán-Ghaeilge, más suim leo. Bíonn foireann theagasc na Gaeilge ar fáil le tacaíocht bhreise a thabhairt do mhic léinn.

Course Information » DC970