Pádraig Ó Liatháin
Dr Pádraig Ó Liatháin

Siompóisiam in Ollscoil Harvard

Fuair an Dr Pádraig Ó Liatháin, Fiontar & Scoil na Gaeilge, cuireadh chun léacht a thabhairt i Harvard an tseachtain seo caite. Siompóisiam lae ar an nGaeilge agus ar Ghaeilge na hAlban i Meiriceá Thuaidh le cúpla céad bliain anuas a bhí i gceist leis an  siompóisiam. Labhair sé ar na patrúin inimirce, ar úsáid na Gaeilge ar an oileán, ar bhunús an logainm Talamh an  Éisc, agus ar na lámhscríbhinní Gaeilge a scríobhadh i dTalamh an Éisc agus ar fud Meiriceá Thuaidh san 18ú agus san 19ú haois déag.

Bíonn ranganna Gaeilge á múineadh do mhic léinn iarchéime agus fhochéime Harvard. A fhad is a bhí sé ann, mhúin Pádraig rang Gaeilge do mhic léinn na hollscoile. 

Anuas air sin, iarradh air lámhscríbhinn Ghaeilge i mBoston College a iniúchadh. Thosaigh an scríobhaí, Charles Gallagher, dochtúir leighis, an lámhscríbhinn i nDún na nGall, ach thaisteal sé léi go Nua Eabhrac ina dhiaidh, áit ar chuir na glúnta ina dhiaidh leis an lámhscríbhinn thar na bliantaibh. Scríobh an Dr Ó Liatháin blag ar an lámhscríbhinn seo, a bheidh ar shuíomh leabharlann na hollscoile sin gan mhoill.