Mic Léinn DCU Seaimpíní Náisiúnta Enactus

Mic Léinn DCU Seaimpíní Náisiunta Enactus

Tá Fiontar breá bródúil as an obair sa bhfiontraíocht shóisialta atá ar siúl ag an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontraíocht le micléinn ar fud champas DCU. Is iad mic léinn DCU seaimpíní náisiúnta Enactus Ireland na bliana seo. Beidh Emer agus mic léinn ghnó agus chumarsáide ag glacadh páirt i gCorn Domhanda Enactus i dToronto Cheanada mí Meán Fómhair na bliana seo. Seo an tríú huair le cúíg bliana anuas gur bhuaidh DCU craobh na hÉireann. Bhunaigh Enactus DCU Headstarts - imeachtaí ealaíona dóibh siúd atá faoi mhíchumas intleachtúil, agus Prison Break - deis d'iarphríosúnaigh atá oillte mar theagascóirí corpacmhainne campaí aclaíochta a rith do mhic léinn tríú leibhéil.