Taighde ag Leibheál na Scoile | Fiontar agus Scoil na Gaeilge

English >

Scoil ildisciplíneach is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar chaighdeán an taighde atá ar bun ag an bhfoireann acadúil agus ag foireann na dtionscadal digiteach. Tá iliomad foilseachán ag an Scoil i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile, ar líne agus i gcló, in irisí piarmheasúnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus tá mórán leabhar scríofa agus curtha in eagar ag foireann na Scoile chomh maith. De bhreis air sin, tá naisc idirnáisiúnta ag Fiontar & Scoil na Gaeilge le hollscoileanna ar fud an domhain. 

An Léann Digiteach sna Daonnachtaí

Tá an Scoil tiomanta do naisc a chruthú idir an Ghaeilge agus sochaí chomhaimseartha na hÉireann, go háirithe trí theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt a chuireann réimse luachmhar acmhainní ar fáil don phobal, acmhainní ar féidir teacht orthu ag am ar bith in áit ar bith: e.g. logainmneacha, beathaisnéisí, téarmeolaíocht, béaloideas, téarmeolaíocht na Gaeilge le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus acmhainní foghlama teanga. Tá meitheal léachtóirí agus taighdeoirí (Gaois) ag obair ar na tionscadail éagsúla sin mar chuid de mhisean taighde na Scoile.

Agus leas á bhaint acu as teicneolaíochtaí nua, tá foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge i mbun traidisiúin luachmhara éagsúla na Gaeilge a chaomhnú chun gur féidir an t-ábhar sin a chur ar fáil do phobal an domhain. De bhrí go bhfuil suas le 100 milliún duine i measc an diaspóra Éireannaigh, tá sé tábhachtach teacht i dtír ar theicneolaíochtaí nua chun cur ar a gcumas siúd eolas a fháil ar an oidhreacht luachmhar seo i gcomhthéacs na staire agus an tsaoil chomhaimseartha.

Deiseanna do Mhic Léinn Taighde

Fáiltíonn Fiontar & Scoil na Gaeilge roimh iarratais ó chéimithe ar mhian leo taighde a dhéanamh in aon cheann de na réimsí seo a leanas: an gnó agus an bhainistíocht, an t-oideachas fiontraíochta, an fhiontraíocht shóisialta, an t-airgeadas, Teicneolaíocht na Faisnéise, teicneolaíochtaí teanga, polasaí agus pleanáil teanga, na daonnachtaí digiteacha, an teangeolaíocht fheidhmeach agus an tsochtheangeolaíocht, an t-aistriúchán agus réimsí éagsúla den chritic liteartha is de shaíocht na Gaeilge ón nualitríocht is deireanaí go dtí an ealaín bhéil agus an luath-litríocht.

 

Appointments

Téann mic léinn i mbun dianstaidéir mar chuid d’iarchéim taighde i ndisciplín a bhfuil bunús maith acadúil acu cheana féin ann.

Trí mheán an staidéir iarchéime, foghlaimeoidh siad scileanna taighde atá riachtanach maidir le tionscadal a phleanáil, a réiteach agus a chur i gcrích, scileanna a sheasfaidh dóibh ina dhiaidh sin in aon earnáil ghairmiúil ina mbeidh siad.

Níor cheart iarratas a chur ar aghaidh chuig an Ollscoil mura bhfuil ball foirne sa Scoil sásta tacú leis. Ní féidir leis an Scoil ná an Ollscoil glacadh le haon iarratas mura bhfuil an méid sin socraithe roimh ré. Sular féidir iarratas ar bith a dhréachtú, dá bhrí sin, ba chóir a chinntiú go bhfuil ball foirne amháin (ar a laghad) sa Scoil a bhfuil an saineolas aige/aici sa réimse a bhfuil spéis ag an iarratasóir féin ann. 

Is féidir tuilleadh eolais faoi réimsí sainspéise na foirne acadúla a fháil trí bhreathnú ar na leathanaigh foirne ar shuíomh na Scoile mar aon leis na foilseacháin rochtain-oscailte is déanaí. Déantar iarratais a phróiseáil de réir mar a thagann siad isteach, de ghnáth.

Is féidir le hiarratasóirí a maoiniú féin a aimsiú nó iarracht a dhéanamh teacht ar mhaoiniú trí scéimeanna a fhógraíonn eagrais eile ó thráth go chéile (e.g. An Chomhairle um Thaighde in Éirinn, Acadamh Ríoga na hÉireann agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann). Fógraítear scoláireachtaí na Scoile/ na Dáimhe go hoscailte ar na meáin shóisialta nuair a bhíonn a leithéid ar fáil.

Is féidir fiosrúchán tosaigh ginearálta faoi staidéar iarchéime a dhéanamh le:

Sally Mhic Dhomhnaill
Oifig na Scoile
Fiontar & Scoil na Gaeilge
+353 1 700 5614
sally.mhicdhomhnaill@dcu.ie  

 

An Dr Pádraig Ó Liatháin
Tionólaí Taighde
Fiontar & Scoil na Gaeilge 
+353 1 700 6092
padraig.oliathain@dcu.ie 


Mic Léinn Reatha PhD

Justin Ó Gliasáin

Ar mhion-logainmneacha de bhunadh na Gaeilge i gCo. Chill Dara atá taighde Justin dírithe. Tá sé d'aidhm ag an tionscadal seo bailiúchán mion-logainmneacha a chur le chéile agus anailís theangeolaíoch a dhéanamh orthu. Déanfar an bailiúchán mion-logainmneacha a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin Meitheal.Logainm.ie.

Michelle Dunne

Tá Michelle ag iarraidh an t-eolas faoi mhná agus ó mhná sa chnuasach béaloidis a bhailigh Seán Mac Mathúna (1876-1949) in iarthuaisceart an Chláir a thuiscint i gcomhthéacs stairiúil an ábhair. Dírítear aird ar iompar agus ról (traidisiúnta) na mban agus ar na teachtaireachtaí inscneacha sna hinsintí seo.

Jamie Murphy

I réimse an aistriúcháin drámaíochta sa Ghaeilge atá dochtúireacht idir lámha ag Jamie faoi láthair. Is é teideal a thráchtais: An bhfuil athghabháil na Gaeilge mar chuspóir i ndrámaíocht aistrithe na Gaeilge? Anailís ar chnuasach aistriúchán Gaeilge ó dhrámaí de chuid J.M. Synge, Lady Gregory, Martin McDonagh agus Brian Friel.

Conchúr Mac Lochlainn

Tá taighde Chonchúir dírithe ar inspreagadh foghlaimeoirí, coincheap an fhéin, agus féiniúlachtaí (teanga) i gcomhthéacs na Gaeilge (le béim ar leith ar fhoghlaimeoirí fásta, seachfhoirmiúla). Sprioc an tráchtais ná na difríochtaí idir foghlaimeoirí ilchineálacha na teanga a léiriú, agus a thomhas, trí leas a bhaint as teoiricí síceolaíochta. Déanfar plé fosta ar na bealaí éagsúla a chruthaíonn foghlaimeoirí ar fud an domhain naisc mhothálacha leis an teanga.

Dara de Poire

Is ar cheist na nuathéarmaíochta sa Ghaeilge agus ar mheon an phobail Ghaelaigh i leith na nuathéarmaíochta atá taighde Dara dírithe. Is é aidhm an tráchtais seo ná iniúchadh a dhéanamh ar théarmaí nua atá ceaptha ó bhunú an Choiste Téarmaíochta (1968) i dtaobh chothú agus leathnú na teanga de.