Dul Chun Cinn SpeakApps

Chuir An Dr. Mairéad Nic Giolla Mhichíl páipéar taighde i láthair ag comhdháil ar an bhfoghlaim ar líne in Ollscoil Jagiellonian sa Pholainn an tseachtain seo caite. Dhírigh an páipéar ar phróisis, ar theicnicí agus uirlisí anailísíochta a úsáidtear in Ollscoileanna agus i dtimpeallachtaí foghlama teanga ar nós SpeakApps. Díríonn tionscadal SpeakApps ar ardán foinse oscailte agus saor in aisce ar líne a chruthú a chuimsíonn feidhmchláir ICT-bunaithe agus oideolaíochtaí chun scileanna labhartha a chleachtadh ar líne. Bhuaigh an tionscadal bonn airgid ag an Learning Impact Awards, eagraithe ag an IMS Global learning Consortium, cumann d’ollscoileanna aitheanta agus comhlachtaí domhanda.