Scoláireachtaí ar fáil ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais

Tá cúig cinn de scoláireachtaí dar luach €2,000 le bronnadh ar mhic léinn a chláraíonn ar an cúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar DCU.

Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa. Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,750 ar an MSc. Fágann seo go gclúdoidh an scoláireacht mórchuid de na táillí iomlána don chéad bhliain.

Clár máistreachta páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa ar a bhfreastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 6 Shatharn in aghaidh an tseimeastair óna 10-4 a chlog, rud a thugann deis do daoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na micléinn i rith na bliana. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh.. Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príobháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis na nGaeilge. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na tíre.

Is féidir d'iarratas a phróiseáil ar líne ag www.pac.ie agus tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ó Sally Mhic Dhomhnaill, 01 07005614, www.dcu.ie/fiontarfiontar@dcu.ie